Child pages
  • Two step procedures Step_2_GA

You are viewing an old version of this page. View the current version.

Compare with Current View Page History

« Previous Version 14 Current »

Treoir thapa le haghaidh nósanna imeachta dhá chéim - Céim 2

(nósanna imeachta srianta, nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann caibidlíocht, idirphlé iomaíoch, comhpháirtíochtaí nuálaíochta agus comórtais dearaidh)


Cur chun siúil

Is leis an dara céim sna nósanna imeachta dhá chéim a bhaineann an Treoir Thapa seo, agus leis an gcéim sin amháin. Sa chéim sin, ní fhéadfaidh ach na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh dóibh, ar éirigh leo sna critéir eisiaimh agus roghnúcháin sa chéad chéim, tairiscint a chur isteach. Na Treoracha Tapa maidir leis angcéad chéim sna nósanna imeachta dhá chéim chomh maith leis na treoracha le haghaidh na nósanna imeachta soláthair eile, is féidir féachaint orthu ar vicí Ríomhsholáthair na Tairsí ‘Cistiú agus Tairiscintí’.

I do cháil mar oibreoir eacnamaíoch, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Do fhreagra ar nós imeachta a sheol institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh a ionchódú

  • Aighneachtaí a chur isteach ar bhealach slán

  • Féachaint ar dhréacht sábháilte nó tosú arís air

  • Dréacht-aighneacht a scriosadh

  • Cruthúnas a fháil gur cuireadh isteach é (Admháil Fála Aighneachta)

  • Aighneacht a aistarraingt roimh an teorainn ama chun aighneachtaí a fháil

  • Cruthúnas ar aistarraingt a fháil (Admháil Aistarraingthe)

Déan deimhin de go léann tú na Ceanglais Chórais.

Tá siad le fáil ar leathanach tosaigh fheidhmchlár eSubmission agus i rannán na gceangaltán ar leathanach na bPáirtithe.

Cén dóigh ar féidir liom cabhair theicniúil a fháil?

Má tá cabhair de dhíth ort is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann tacaíochta ón 08:00 go dtí 20:00 (Am na Bruiséile).

 ec-funding-tender-service-desk@ec.europa.eu

+32 (0) 229 71063

(info) Is i mBéarla amháin a fheidhmíonn an fhoireann tacaíochta.


Cuirí agus aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’

Is í an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’an pointe teagmhála aonair (an Limistéar Aonair um Shonraí Leictreonacha a Mhalartú) do rannpháirtithe agus do shaineolaithe i gcláir mhaoiniúcháin agus i dtairiscintí arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Má éiríonn le d’iarraidh ar rannpháirtíocht sa chéad chéim den nós imeachta gheobhaidh tú fógra ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ agus iarrfar ort páirt a ghlacadh sa chéad chéim eile den nós imeachta.

Is chucu seo a leanas a sheolfar an fógra:

  • seoladh ríomhphoist an Teagmhálaí a sonraíodh agus an iarraidh ar rannpháirtíocht á cur isteach (an Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo));
  • an seoladh ríomhphoist (más éagsúil) atá nasctha leis an gcuntas EU Login a úsáideadh chun an iarraidh ar rannpháirtíocht a chur isteach (an Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo));
  • seoladh ríomhphoist aon Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) eile a cuireadh leis trí úsáid a bhaint as an gcnaipe gníomhaíochta ‘Bainistigh róil’ nuair a cuireadh isteach an iarraidh ar rannpháirtíocht.

Chun dul isteach i do spás príobháideach ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, ní mór duit tú féin a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as an gcnaipe Sínigh Isteachar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ atá ag barr an leathanaigh baile ar dheis (cuir isteach do EU Login agus do phasfhocal).


I do spás príobháideach ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:

Amharc ar chuireadh/cuirí

Ón roghchlár nascleanúna ar chlé gheobhaidh an PCoCo/CoCo an cuireadh/na cuirí le haghaidh chéim 2 faoin rannán Mo chuid Cuirí. Tá réimse cuardaigh ann freisin ar dheis os cionn liosta na gcuirí.

  

Cliceáil ar an nasc ‘Féach na mionsonraí’ chun:

  • Amharc ar shonraí an nós imeachta.
    Faoin rannán ‘Eolas Ginearálta’ is féidir leat amharc ar an eolas a bhaineann leis an nós imeachta.

            

  • Rochtain a fháil ar na doiciméid soláthair shrianta .

            

Faoin rannán ‘Doiciméid shrianta’, is féidir leis na hiarrthóirí a n-iarrfar orthu amharc ar na doiciméid le haghaidh chéim 2 den nós imeachta. Má tá leagan nua den doiciméad foilsithe ag an údarás conarthach, beidh tú in ann gach leagan den doiciméad a fheiceáil. Tá an leagan is déanaí ar fáil ar an scáileán. Chun amharc ar leagan níos sine is féidir leat cliceáil ar an roghchlár anuas agus an leagan is mian leat a fheiceáil a roghnú.

Má tá an doiciméad ar fáil i dteanga eile, beidh an doiciméad aistrithe ar fáil duit le hamharc air freisin.

  •   Rochtain ar na Ceisteanna agus na Freagraí srianta.

          

Sa rannán seo, is féidir leat ceist a chur maidir le céim 2 den nós imeachta. Má chuireann an t-údarás conarthach an freagra ar fáil go príobháideach, beidh sé le feiceáil faoin rannán ‘Mo cheisteanna agus freagraí’. 
Má thugtar an freagra do gach iarrthóir a dtugtar cuireadh dóibh chuig céim 2, beidh sé le feiceáil faoin rannán ‘Ceisteanna agus Freagraí’.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach  Conas ceist a chruthú agus a chur isteach ar an tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.


An rannán ‘Mo chuid Cuirí’

Maidir le gach cuireadh, is féidir leis an PCoCo/CoCo uimhir thagartha an nós imeachta, stádas an chuiridh (faighte, admhaithe), an sprioc-am, an bhaisc (más infheidhme), teideal an nós imeachta, cineál an nós imeachta agus an chéim a fheiceáil.

Leis an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ den chuireadh/ aighneacht, is féidir leis an PCoCo/CoCo gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas an chuiridh/na haighneachta.

I gcás cuirí a bhfuil stádas Faighte leo: 

     

  • Cur in iúl go bhfuarthas cuireadh: cliceáil anseo chun a dheimhniú go bhfuair tú an cuireadh tairiscint a chur isteach.
  • Róil a bhainistiú:  beidh tú in ann an rochtain ar do chuirí a fheiceáil agus a bhainistiú (e.g. daoine a chur leis/a bhaint de, ar daoine iad a bheidh in ann na gníomhaíochtaí ar a bhfuil cur síos anseo istigh a dhéanamh maidir le do chuirí).

I gcás cuirí a bhfuil stádas Admhaithe leo:

  • Aighneacht nua a thosú: cliceáil chun tairiscint nua a chur isteach.
  • Róil a bhainistiú:  beidh tú in ann an rochtain ar do chuirí a fheiceáil agus a bhainistiú (e.g. daoine a chur leis/a bhaint de, daoine a bheidh in ann na gníomhaíochtaí ar a bhfuil cur síos anseo istigh a dhéanamh maidir le do chuirí).

Chunamharcar na haighneachtaí a ghabhann le cuireadh agus iad a bhainistiú, cliceáil ar an nasc ‘Aighneachtaí ’.
Ar an roghchlár 'Gníomhaíocht' ar an taobh deas de gach aighneacht (murar scriosadh an aighneacht) is féidir leis an PCoCo/CoCo  gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas na haighneachta.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Dréacht’ leo:

      • Cuir in eagar: osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Is féidir leat d’aighneacht a chur in eagar in eSubmission ansin.
      • Amharc:  osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Ní féidir an aighneacht a chur in eagar toisc go bhfuil tú ag amharc uirthi i mód inléite amháin. 
      • Scrios scriosfar an dréacht-aighneacht ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Curtha isteach’ leo:

      • Amharc ar an Admháil Fála: taispeánfar an admháil fála aighneachta.
      • Aistarraingt  (gné nach mbíonn ar fáil ach amháin roimh an sprioc-am le cur isteach):  an chúis leis an aighneacht a aistarraingt a chur in iúl agus í a dheimhniú trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Aistarraingt’. Agus aighneacht aistarraingthe agat, ní féidir leat amharc uirthi, í a chur in eagar, ná í a chur isteach arís.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Aistarraingthe’ leo:

      • Amharc ar an Admháil Aistarraingthe: taispeánfar an admháil aistarraingthe.

I gcás aighneachtaí a bhfuil an stádas Scriosta  leo:
Ní bhíonn an  roghchlár ‘Gníomhaíocht’ ar fáil  i gcás na dtairiscintí a bhfuil an stádas ‘Scriosta’ leo. A luaithe a scriostar dréacht-thairiscint, ní féidir leis an tairgeoir í a aisghabháil. 


Conas do thairiscint a ullmhú in eSubmission 

Chun gur féidir tairiscint a chur isteach, ní mór don PCoCo/CoCo a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh chun tairisceana ar dtús:

  • Aimsigh an nós imeachta i Mo chuid Cuiríar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.

  • Sa roghchlár ‘Gníomhaíocht’ den nós imeachta, cliceáil ar ‘Cur in iúl go bhfuarthas cuireadh’ chun a dheimhniú go bhfuair tú an cuireadh. Cuirfear stádas ‘Admhaithe’ leis an gcuireadh.

  
 

Tar éis a admháil go bhfuarthas an cuireadh, atreorófar anPCoCo/CoCo go huathoibríoch chuig eSubmission, áit ar féidir leat tús a chur le do thairiscint a chur isteach trí chliceáil ar ‘Aighneacht nua’. 

Dá mb’fhearr leat tús a chur le d’aighneacht níos déanaí:

  • Logáil isteach sa Tairseach 'Cistiú agus Tairiscintí’le cuntas EU Login an duine atá luaite mar Theagmhálaí ( PCoCo ) san iarraidh ar rannpháirtíocht, nó, más éagsúil, i gcuntas EU Login an duine a úsáideadh chun an iarraidh ar rannpháirtíocht a chur isteach ( CoCo ) nó aon PCoCo/CoCoeile atá údaraithe trí fheidhmiúlacht ‘Bainistigh róil’ na Tairsí ‘Cistiú agus Tairiscintí’  ( chun tuilleadh eolais a fháil, féach an rannán Róil a bhainistiú sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ sa treoir seo ) .

  • Gabh chuig Mo chuid Cuirí agus aimsigh an nós imeachta.

  • Ón roghchlár ‘Gníomhaíocht’ den nós imeachta, cliceáil ar Tosaigh aighneacht nua. Atreorófar tú ansin chuig eSubmission.

  

In eSubmission cliceáil ar Aighneacht nua chun aighneacht nua a thosú, nó ar Tosaigh arís ar dhréacht chun filleadh ar dhréacht-aighneacht a tosaíodh roimhe. Is féidir leat tosú arís ar do dhréacht ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ chomh maith (chun tuilleadh eolais a fháil; féach an rannán Aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ san eolaí seo).

Nascleanúint a dhéanamh in eSubmission

Nuair a thosóidh tú d’aighneacht, beidh tomhsaire le feiceáil ag barr an scáileáin. Léiríonn an tomhsaire sin na céimeanna uile nach mór a dhéanamh sula gcuirfear do thairiscint isteach. Léireofar freisin cén chéim ar a bhfuil tú i láthair na huaire.

Tráth ar bith le linn an phróisis aighneachta, is féidir leat a fheiceáil cé na doiciméid a uaslódáladh trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Doiciméid na haighneachta’ ar an taobh clé den scáileán.

(warning) Ní chuirfear aon ní isteach chuig an údarás conarthach go dtí go gcliceálfaidh tú ar an gcnaipe Cuir isteach ag deireadh an phróisis aighneachta.

Páirtithe

Sa chéim seo, ní féidir ach rannán an Teagmhálaí a chur in eagar.

Is féidir leis an úsáideoir a thosaíonn an aighneacht tairisceana é/í féin, nó duine eile, a chur in iúl mar Theagmhálaí (tá an t-ainm réamhlíonta cheana féin). Mura bhfuil cuntas EU Login ag an duine eile sin, cruthófar cuntas sealadach EU Login go huathoibríoch, bunaithe ar sheoladh ríomhphoist an Teagmhálaí, agus seolfar cuireadh ríomhphoist chuig an duine sin chun an clárú EU Login a chur i gcrích. Teachtaireacht uathoibríoch córais a bheidh sa chuireadh, gan tagairt ar bith don nós imeachta.

Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin ( PCoCo ) don Teagmhálaí ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, agus tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin  ( CoCo ) don úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí). 

Cliceáil Ar aghaidh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.


Sonraí tairisceana

  

Sa rannán seo ní mór duit méid do thairisceana a chur isteach ( i gcás an chostais is ísle agus an mhodha dámhachtana praghsanna is ísle, agus sa chás sin amháin  – déan cinnte de go n-úsáideann tú an fhormáid chéanna agus atá sa sampla ar an scáileán) agus/nó a dheimhniú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais atá sonraithe sna doiciméid soláthair.

    

Má dhearbhaíonn tú nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais, iarrfar ort míniú a thabhairt i mbosca téacs tiomnaithe. Léireofar i dtuarascáil na haighneachta an dearbhú ar chomhlíonadh nó ar neamhchomhlíonadh, agus ar an míniú i gcás neamhchomhlíonta.

Tar éis cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’ is féidir leat an tairiscint airgeadais a uaslódáil, agus an tairiscint theicniúil má éilíonn an t-údarás conarthach í. Is féidir leat níos mó ná comhad amháin a uaslódáil mar thairiscint theicniúil/airgeadais. 

Nuair a mheasann tú na sonraí tairisceana a bheith ceart agus an aighneacht a bheith comhlánaithe, cliceáil ar ‘Ar Aghaidh’. Ní bheidh an cnaipe sin gníomhach ach amháin má bhíonn na sonraí agus na doiciméid éigeantacha go léir curtha ar fáil.

(warning) Ag an gcéim sin, níl do dhréacht-thairiscint, lena n-áirítear do chuid doiciméad uile, curtha isteach go fóill.


Tuarascáil aighneachta

  

Is é an córas a ghineann an tuarascáil aighneachta agus is cuid den aighneacht í an tuarascáil. Liostaítear sa tuarascáil na doiciméid uile a bhí san áireamh san aighneacht.

Is é eSubmission a ghineann an tuarascáil aighneachta go huathoibríoch agus a chuireann le d’aighneacht í. Is féidir leat amharc ar an tuarascáil ar an scáileán nó í a íoslódáil do do thaifid féin (sula gcuirfidh tú an tairiscint isteach). Ní gá an tuarascáil shínithe a shíniú ná a uaslódáil in eSubmission.

Tar éis duit amharc ar an tuarascáil aighneachta, má mheasann tú an aighneacht a bheith iomlán agus réidh le cur isteach, cliceáil ar Ar Aghaidh chun leanúint ar aghaidh.

(warning) Ní cruthúnas aighneachta atá sa tuarascáil aighneachta.  Níl sí curtha isteach agat go fóill. Lean ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile agus cliceáil ar ‘Cuir isteach’  chun an aighneacht a chur i gcrích.


Do thairiscint a chur isteach

  

Agus tú réidh le do thairiscint a chur isteach, cliceáil ar ‘Cuir isteach’ . Taispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin duit.

Cliceáil ar más mian leat í a dheimhniú: ní bheidh tú in ann an aighneacht sin a mhodhnú a thuilleadh.

Tabhair do d’aire nach gceadóidh an córas duit í a chur isteach má baineadh amach an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach cheana.

Cuirfear fógra ríomhphoist chuig an seoladh ríomhphoist atá nasctha le cuntas EU LoginanPhríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin ( PCoCo agus na dTeagmhálaithe Comhordúcháin go léir ( CoCo ) atá luaite don tairiscint sin. Beidh nasc san fhógra ríomhphoist sin chuig an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ áit ar féidir teacht ar an Admháil Fála Aighneachta. 

(warning) Is cruthúnas atá san Admháil Fála Aighneachta gur comhlíonadh an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach.



Róil a bhainistiú sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’

Tugtar an ról don Teagmhálaí a luaitear san iarraidh ar rannpháirtíocht (céim 1) in eSubmissionPríomh‑Theagmhálaí Comhordúcháin(PCoCo)don chuireadh ar an Tairseach 'Cistiú agus Tairiscintí’.Faigheann an t-úsáideoir a chuireann an iarraidh isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí san iarraidh) an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) chun an iarraidh agus an cuireadh a chur isteach, mura rud é gur bhain an PCoCo/CoCo eile an ról maidir leis an iarraidh a chur isteach sa tréimhse idir oscailt na n-iarrataí ag an údarás conarthach agus fáil an chuiridh le haghaidh chéim 2.

Ar an gcaoi chéanna, faigheann an Teagmhálaí a luaitear sa tairiscint (céim 2) in eSubmission an ról mar Phríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin  (PCoCo) chun an tairiscint a chur isteach. Gheobhaidh PCoCo an chuiridh agus an t-úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach, murab ionann é agus an Teagmhálaí sa tairiscint, an ról mar Theagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) chun an tairiscint a chur isteach.

Is féidir Teagmhálaí/Teagmhálaithe Comhordúcháin (CoCo) breise maidir le cur isteach na hiarrata, an chuiridh agus na haighneachta a chur leis nó a bhaint tríd an gcnaipe Bainistigh Róil (féach thíos).

Tabhair faoi deara nach féidir ach aonPCoCo a bheith ann in aghaidh an chuiridh nó na haighneachta.

Ní féidir an PCoCo a bhíonn ag plé le cur isteach na hiarrata (céim 1) nó chur isteach na tairisceana (céim 2) a ionadú ná a bhaint.

Ní féidir ach leis na daoine seo a leanas an PCoCo an chuiridh a ionadú (ach ní é a bhaint):

  •     LEAR/Riarthóir Cuntais(má cheaptar do d’eagraíocht thú, féach anseo);
  •     an PCoCo atá ann faoi láthair(tar éis an ionadaithe, ní féidir leis an PCoCo sin rochtain a fháil ar an gcuireadh a thuilleadh);
  •     aon CoCo le haghaidh an chuiridh.

Chun róil a chur le haighneacht nó le cuireadh nó iad a bhaint díobh, lean na céimeanna thíos:

1

Faoin roghchlár anuas ‘Gníomhaíocht’ ar an taobh deas den tairiscint leasaithe, cliceáil ar an rogha ‘Bainistigh Róil’.


2

Cliceáil ar an gcnaipeCuir Róil in Eagar

3

Chun PCoCo an chuiridh a athrú nó CoCo breise a chur leis an aighneacht nó leis an gcuireadh, cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil leis

  
4

Cuir isteach sonraí an duine atá le cur in ionad an PCoCo atá ann faoi láthair nó atá á chur leis mar CoCo   breise agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’

Má chuirtear cuireadh in ionad an PCoCo, gheobhaidh an duine a cheapfaidh an PCoCo nua teachtaireacht deimhniúcháin tar éis dó cliceáil ar an gcnaipe 'Sábháil'.

(info) Nuair a cheaptar PCoCo nua le haghaidh cuiridh, déantar ról agus cearta an PCoCo a bhí ann roimhe sin a chúlghairm (cailleann an PCoCo a bhí ann roimhe sin rochtain) agus sanntar láithreach don PCoCo nua iad.
Seolann an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ fógraí uathoibríocha chuig an PCoCo nua, chuig an PCoCo a bhí ann roimhe seo agus chuig gach CoCo ar an gcuireadh a ndearnadh a PCoCo a ionadú.

5

Chun CoCo a scriosadh, cliceáil ar an íocón ‘Scrios’ in aice lena (h)ainm. Ní féidir an PCoCo an chuiridh a scriosadh, ach is féidir é a ionadú

  



Babhta/babhtaí ina dhiaidh sin le haghaidhnósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann caibidlíochtagus comhpháirtíochtaí nuálaíochta

(info)Níl feidhm ag an rannán seo ach maidir le nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann caibidlíochtagus comhpháirtíochtaí nuálaíochta le níos mó ná babhta caibidlíochta amháin i gcéim a dó.

Má chinneann an t-údarás conarthach cuireadh a thabhairt duit tairiscint leasaithe a chur isteach trí eSubmission, gheobhaidh an PCoCo/CoCo fógra ón Tairseach 'Cistiú agus Tairiscintí’.

Chun tairiscint leasaithe a chur isteach, ní mór don PCoCo/CoCo a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh. Tar éis dó a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh, déanfar an PCoCo/CoCo a atreorú go huathoibríoch chuig eSubmission, áit ar féidir tús a chur le tairiscint leasaithe a chur isteach trí chliceáil ar ‘Aighneacht nua’. Chun a fháil amach conas tairiscint leasaithe a chur isteach sa bhabhta/sna babhtaí ina dhiaidh sin, féach an tEolaí maidir le nósanna imeachta caibidlithe – Babhta 2 / babhta(í) ina dhiaidh sin


Fógraí a bhainistiú sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’

Mo chuid fógraí

Féadfaidh an PCoCo/CoCo rochtain a fháil ar an leathanach sin trí chliceáil ar íocón an chloigín ag barr an scáileáin ar dheis, tar éis logáil isteach ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.

Ar an leathanach seo féadfaidh an PCoCo/CoCo teacht ar na fógraí seo a leanas:

  • Admháil Fála Aighneachta (cruthúnas ar chur isteach tairisceana)
  • Admháil Aistarraingthe (cruthúnas ar thairiscint a aistarraingt)

Sna chluaisín ‘Sainroghanna’ faoi ‘Bainistigh gach fógra’ (ag bun liosta na bhfógraí) féadfaidh an PCoCo/CoCo minicíocht na bhfógraí ríomhphoist ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ a roghnú. Gan beann ar do rogha, bíonn fáil i gcónaí ar do chuid fógraí ar fad sa rannán ‘Mo chuid fógraí’.

Mo chuid Fógraí Foirmiúla

An rannán sin, atá ar fáil faoi Bainistigh mo spás féin ar chlé, níl sé in úsáid faoi láthair le haghaidh nósanna imeachta soláthair.


  • No labels