Conas d’iarraidh ar rannpháirtíocht a ullmhú in eSubmission
Féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch iarraidh ar rannpháirtíocht a chur isteach trí úsáid a bhaint as nasc na Tairsí ‘Cistiú agus Tairiscintí’ a luaitear san fhógra conartha/san fhógra comórtais deartha.
Nuair a bheidh tú ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, ní mór duit cliceáil ar Rochtain ar aighneacht: atreoróidh sé sin tú chuig an tairseach eSubmission, ar choinníoll go bhfuil tú logáilte isteach le do chuntas EU Login.
I dtosach, ní mór duit na Téarmaí agus na Coinníollacha a léamh agus a ghlacadh agus a admháil gur léigh tú Ráiteas Príobháideachais na Tairsí ‘Cistiú agus Tairiscintí’ agus an Ráiteas Príobháideachais maidir le dámhachtain agus bainistiú soláthair.
In eSubmission cliceáil ar Aighneacht nua chun aighneacht nua a thosú nó ar Tosaigh arís ar dhréacht chun filleadh ar dhréacht‑aighneacht a tosaíodh roimhe. Is féidir leat tosú arís ar do dhréacht ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ chomh maith (le haghaidh tuilleadh eolais, féach an rannán Aighneachtaí a bhainistiú ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ sa treoir seo).
Nascleanúint a dhéanamh in eSubmission
Nuair a thosóidh tú d’aighneacht, beidh tomhsaire le feiceáil ag barr an scáileáin. Léiríonn an líne sin na céimeanna uile nach mór a dhéanamh sula gcuirfear d’iarraidh ar rannpháirtíocht isteach. Léireofar freisin cén chéim ar a bhfuil tú i láthair na huaire.
Tráth ar bith le linn an phróisis aighneachta, is féidir leat a fheiceáil cé na doiciméid a uaslódáladh trí chliceáil ar an gcnaipe Doiciméid na haighneachta ar an taobh clé den scáileán.
|
Bealaí chun aighneacht a chur isteach
Nuair a thosaíonn tú aighneacht nua, iarrfar ort an méid seo a leanas a chur in iúl:
- an dóigh a gcuirfidh tú d’iarraidh ar rannpháirtíocht isteach: Aighneacht aonair nó Aighneacht chomhpháirteach,
- cé acu an mbeidh fochonraitheoireacht i gceist leis an aighneacht,
- cén teanga ina ndéanfar an aighneacht.
Tar éis duit do rogha a dhéanamh, cliceáil ar an gcnaipe Ar Aghaidh ag bun an leathanaigh.
Páirtithe
Sa rannán seo, ní mór duit na heagraíochtaí atá rannpháirteach i d’aighneacht a shainaithint (rannpháirtithe). Cliceáil ar Páirtí nua agus roghnaigh an cineál rannpháirtí: príomhrannpháirtí (i gcás aighneacht aonair), ceannaire an ghrúpa nó ball den ghrúpa (i gcás aighneacht chomhpháirteach) agus fochonraitheoir (más infheidhme).
Ní mór gach rannpháirtí, seachas fochonraitheoirí, a shainaithint le PIC – Cód Aitheantais Rannpháirtí. Chun a sheiceáil an bhfuil PIC ag eintiteas cheana (i.e. an bhfuil sé cláraithe cheana féin sa Chlár Rannpháirtithe), úsáid an réimse ‘Cuardaigh eagraíocht’.
Tá dhá rogha cuardaigh ann: Mo chuid eagraíochtaí nó eagraíochtaí eile.
Mo chuid Eagraíochtaí: Cliceáil ar an roghchlár anuas chun liosta na n‑eagraíochtaí a d’úsáid an t‑úsáideoir atá logáilte isteach in aighneachtaí roimhe seo nó ar sannadh ról dóibh (e.g. féinchláraí, LEAR nó riarthóir cuntas) a thaispeáint. Is iad sin na heagraíochtaí céanna is féidir le húsáideoirí a fheiceáil faoin táb ‘Mo chuid eagraíochtaí’ ar an roghchlár ar chlé sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ tar éis dóibh logáil isteach lena gcuntas EU Login.
Eagraíochtaí Eile: Is féidir leat na heagraíochtaí atá cláraithe ar an gClár Rannpháirtithe a chuardach trí ainm nó PIC (Cód Aitheantais Rannpháirtí) na heagraíochta a iontráil.
Mura léirítear aon toradh ón gcuardach, ní mór don eagraíocht clárú chun PIC a fháil. Tar éis d’eagraíocht a chlárú, is féidir leat filleadh ar eSubmission agus an PIC nuachruthaithe a roghnú trí cheann amháin den dá rogha cuardaigh a úsáid.
Na sonraí a bhaineann leis an PIC sa Chlár Rannpháirtithe, taispeánfar iad ar an scáileán agus iarrfar ort na sonraí/na doiciméid éigeantacha seo a leanas a sholáthar:
- i gcás an Phríomhrannpháirtí nó Ceannaire an Ghrúpa:
- Teagmhálaí (ainm agus seoladh ríomhphoist)
- IBAN/Uimhir cuntais bainc
Má tá cód IBAN ag an gcuntas bainc, ba cheart tic a chur sa ticbhosca ‘IBAN’ agus fíoróidh eSubmission an bhfuil an cuntas bainc IBAN bailí.
- i gcás gach rannpháirtí: Dearbhú ar Onóir (comhlánaithe agus sínithe go cuí) sa rannán Ceangaltáin.
I rannán an Teagmhálaí, is féidir leis an úsáideoir é/í féin a chur in iúl (agus an t‑ainm réamhlíonta cheana) nó duine eile a chur in iúl mar an teagmhálaí le haghaidh na hiarrata ar rannpháirtíocht. Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) don Teagmhálaí ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, agus tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) don úsáideoir a chuireann an iarraidh ar rannpháirtíocht isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí).
Mura bhfuil cuntas EU Login ag an PCoCo, cruthófar cuntas sealadach EU Login go huathoibríoch, bunaithe ar sheoladh ríomhphoist an Teagmhálaí, agus seolfar cuireadh ríomhphoist chuig an duine sin an clárú EU Login a chur i gcrích. Teachtaireacht uathoibríoch chórais a bheidh sa chuireadh, gan tagairt ar bith don nós imeachta.
Sa rannán Ceangaltáin de chuid gach rannpháirtí is féidir leat doiciméid an rannpháirtí a bhaineann le critéir eisiaimh agus roghnúcháin a uaslódáil. Seiceáil na sonraíochtaí tairisceana chun a shainaithint cé na doiciméid nach mór a chur san áireamh le haghaidh gach rannpháirtí san aighneacht.
Cliceáil ar Críochnaithe agus tú réidh.
|
Cliceáil ar Ar aghaidh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
Baisceanna
I nós imeachta a bhfuil baisceanna éagsúla ann, roghnaigh na baisceanna ar mhian leat iarraidh ar rannpháirtíocht a chur isteach lena n‑aghaidh agus ansin cliceáil an cnaipe Ar Aghaidh.
|
Tuarascáil aighneachta
Is é an córas a ghineann an tuarascáil aighneachta agus is cuid den aighneacht í an tuarascáil. Liostaítear sa tuarascáil na doiciméid uile a bhí san áireamh san aighneacht.
Is é eSubmission a ghineann an tuarascáil aighneachta go huathoibríoch agus a chuireann le d’aighneacht í. Is féidir leat an tuarascáil a cheadú ar an scáileán nó í a íoslódáil i gcomhair do chuid taifead féin (roimh an iarraidh ar rannpháirtíocht a chur isteach). Ní gá an tuarascáil shínithe a shíniú ná a uaslódáil in eSubmission.
Tar éis duit amharc ar an tuarascáil aighneachta, má mheasann tú an aighneacht a bheith iomlán agus réidh le cur isteach, cliceáil ar Ar Aghaidh chun leanúint ar aghaidh.
|
D’iarraidh ar rannpháirtíocht a chur isteach
Agus tú réidh le d’iarraidh ar rannpháirtíocht a chur isteach, cliceáil ar Cuir isteach. Taispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin duit.
Cliceáil ar Tá más mian leat í a dheimhniú: ní bheidh tú in ann an aighneacht sin a mhodhnú a thuilleadh.
Tabhair do d’aire nach gceadóidh an córas duit í a chur isteach má baineadh amach an teorainn ama chun iarrataí ar rannpháirtíocht a chur isteach.
Nuair a fhágtar níos lú ná lá amháin go dtí an sprioc-am chun iarratas a dhéanamh, taispeánann eSubmission an líon uaireanta/nóiméad atá fágtha go dtí an sprioc-am.
Seolfar fógra ríomhphoist chuig seoladh ríomhphoist an PCoCo/CoCo. Beidh nasc san fhógra ríomhphoist sin chuig an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, áit ar féidir leis an PCoCo/CoCo teacht ar an Admháil Fála Aighneachta. Tabhair do d’aire go gcuirfear scéala chuig úinéirí an PIC ar baineadh úsáid as san aighneacht.
|
Fógraí a bhainistiú ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’
Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) don Teagmhálaí a luaitear in eSubmission chun an iarraidh ar rannpháirtíocht agus an cuireadh le haghaidh chéim 2 a chur isteach ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’. Faigheann an t‑úsáideoir a chuireann an iarraidh isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí san iarraidh) an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) chun an iarraidh agus an cuireadh le haghaidh chéim 2, a chur isteach, mura rud é gur bhain an PCoCo/CoCo eile an ról maidir leis a iarraidh a chur isteach sa tréimhse idir oscailt na n‑iarrataí ag an údarás conarthach agus fáil an chuiridh le haghaidh chéim 2.
Is féidir Teagmhálaí/Teagmhálaithe Comhordúcháin (CoCo) breise maidir le cur isteach na hiarrata a chur leis nó a bhaint tríd an gcnaipe Bainistigh Róil (féach thíos).
Tabhair do d’aire nach féidir ach PCoCo amháin a bheith ann le haghaidh gach cuiridh nó aighneachta. Ní féidir an PCoCo a dhéanfaidh an iarraidh a chur isteach (céim 1) a ionadú ná a bhaint tríd an Tairseach F&T (déan teagmháil leis an deasc chabhrach F&T más gá an PCoCo a dhéanfaidh an cur isteach a ionadú).
Is féidir leis an LEAR agus an Riarthóir Cuntais an PCoCo maidir leis an gcuireadh le haghaidh chéim 2 a ionadú go díreach anois sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ (ní gá teagmháil a dhéanamh a thuilleadh leis an bhfoireann tacaíochta ‘Cistiú agus Tairiscintí’), a luaithe a bheidh an cuireadh le haghaidh chéim 2 seolta.
Chun róil a shainiú/a bhaint d’aighneacht, lean na céimeanna thíos:
1 | Faoi chnaipe an roghchláir (trí phonc) ar an taobh deas d’aighneacht na hiarrata ar rannpháirtíocht, cliceáil ar an rogha Bainistigh Róil. Ní bheidh an rogha seo le feiceáil ach amháin tar éis don údarás conarthach na hiarrataí ar rannpháirtíocht a cuireadh isteach a oscailt.
|
2 | Cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil in Eagar .
|
3 | Chun CoCo breise a chur leis an aighneacht, cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil léi.
Cuir isteach na sonraí teagmhála agus cliceáil ar Sábháil. Taispeántar na sonraí den CoCo arna chur leis faoi Róil le haghaidh na heagraíochta. |
4 | Chun CoCo a scriosadh, cliceáil íocón an scriosta in aice lena ainm. |
Na CoConna a dtugtar tuairisc orthu thuas agus a cuireadh léi tar éis don údarás conarthach na cuirí a sheoladh le haghaidh chéim 2, ní bheidh siad in ann tairiscint a chur isteach. Na PCoCo/CoConna a fuair an cuireadh le haghaidh chéim 2 nó na CoConna a cuireadh léi tríd an gcnaipe gníomhaíochta ‘Bainistigh Róil’ ar an gcuireadh, is iadsan amháin a bheidh in ann tairiscint a chur isteach (féach an Treoir Thapa le haghaidh an dara céim sna nósanna imeachta dhá chéim).
Aighneachtaí a bhainistiú ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’
Chun dul isteach i do spás príobháideach ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, ní mór duit tú féin a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as an gcnaipe Sínigh Isteach ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ atá ag barr an leathanaigh baile ar dheis (cuir isteach do EU Login agus do phasfhocal).
Amharc ar aighneachtaí
Faoin rannán Mo spás féin ar chlé feicfidh an PCoCo/CoCo na haighneachtaí faoin rannán Ionad Soláthair / Aighneachtaí.
Tá réimse cuardaigh ann freisin ar dheis os cionn liosta na n‑aighneachtaí.
Rannán na n‑aighneachtaí
I gcás gach aighneachta is féidir leis an PCoCo/CoCo an méid seo a leanas a fheiceáil: uimhir thagartha an nós imeachta, aitheantas na haighneachta, dáta na gníomhaíochta is deireanaí a rinneadh, stádas na haighneachta (dréacht, curtha isteach, aistarraingthe, scriosta), an sprioc-am, an bhaisc (más infheidhme), teideal an nóis imeachta agus cineál an nós imeachta.
Le cnaipe an roghchláir (trí phonc) ar an taobh deas de gach aighneacht (murar scriosadh an aighneacht) is féidir leis an PCoCo/CoCo gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, ag brath ar stádas na haighneachta.
I gcás aighneachtaí a bhfuil an stádas Dréacht leo:
- Cuir in eagar: osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Is féidir leat d’aighneacht a chur in eagar in eSubmission anois.
- Amharc: osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Ní féidir an aighneacht a chur in eagar toisc go bhfuil tú ag amharc uirthi i mód inléite amháin.
- Scrios: scriosfar an dréacht‑aighneacht ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas Curtha isteach leo:
- Amharc ar an Admháil Fála: taispeánfar an admháil fála aighneachta.
- Aistarraingt (gné nach mbíonn ar fáil ach amháin roimh an sprioc-am le cur isteach): an chúis leis an aighneacht a aistarraingt a chur in iúl agus í a dheimhniú trí chliceáil ar an gcnaipe Aistarraingt. Agus aighneacht aistarraingthe agat, ní féidir leat amharc uirthi, í a chur in eagar, ná í a chur isteach arís.
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Aistarraingthe’ leo:
- Amharc ar an Admháil Aistarraingthe: taispeánfar an admháil aistarraingthe.
I gcás aighneachtaí a bhfuil an stádas Scriosta leo:
Níl aon ghníomhaíocht ar fáil le haghaidh tairiscintí a bhfuil an stádas Scriosta leo. A luaithe a scriostar dréacht‑aighneacht, ní féidir leis an rannpháirtí í a aisghabháil.