Child pages
  • Negotiated procedures Round_1_GA

You are viewing an old version of this page. View the current version.

Compare with Current View Page History

Version 5 Next »

Eolaí maidir le nósanna imeachta idirbheartaithe – tairiscintí tosaigh a chur isteach

(nósanna imeachta idirbheartaithe agus nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht gan foilsiú)

Tús a chur leis


Fáilte chuig eSubmission!

Le eSubmission is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha freagra leictreonach a thabhairt ar nósanna imeachta soláthair an Aontais Eorpaigh trí aighneachtaí a ullmhú (i.e. tairiscintí agus tairiscintí leasaithe) agus a chur isteach go leictreonach ar bhealach struchtúrtha slán.

Baineann an tEolaí seo le tairiscintí tosaigh a chur isteach i nósanna imeachta idirbheartaithe agus i nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht gan foilsiú. Sna nósanna imeachta sin ní fhéadfaidh ach na hiarrthóirí dár tugadh cuireadh tairiscint tosaigh a chur isteach, agus féadfaidh an t-údarás conarthach a iarraidh go ndéanfaí an tairiscint tosaigh sin a leasú tuilleadh i mbabhta caibidlíochta ina dhiaidh sin. Na hEolaithe maidir le babhta(í) idirbheartaíochta ina dhiaidh sin, chomh maith leis na heolaithe le haghaidh na nósanna imeachta soláthair eile, is féidir breathnú orthu sin ar vicí Ríomhsholáthair na Tairsí Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

I do cháil mar oibreoir eacnamaíoch, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Do fhreagra ar nós imeachta a sheol institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh a ionchódú
  • Aighneachtaí a chur isteach ar bhealach slán
  • Féachaint ar dhréacht sábháilte nó tosú arís air
  • Dréacht-aighneacht a scriosadh
  • Cruthúnas a fháil gur cuireadh isteach é (Submission Receipt, Admháil Fála Aighneachta)
  • Aighneacht a aistarraingt roimh an teorainn ama chun aighneachtaí a fháil
  • Cruthúnas ar aistarraingt a fháil (Withdrawal Receipt, Admháil Aistarraingthe)

Déan deimhin de go léann tú na Ceanglais Chórais.

Tá siad le fáil ar leathanach tosaigh fheidhmchlár eSubmission agus i rannán na gceangaltán ar leathanach na bPáirtithe.

Cén dóigh ar féidir liom cabhair theicniúil a fháil?

Má tá cabhair de dhíth ort is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann tacaíochta ón 08:00 go dtí 20:00 (Am Lár na hEorpa/Am Samhraidh Lár na hEorpa).

  ec-funding-tender-service-desk@ec.europa.eu

+32 (0) 229 71063

(info) Is i mBéarla amháin a fheidhmíonn an fhoireann tacaíochta.

Conas is féidir liom rochtain a fháil ar eSubmission?

Déanfaidh tú eSubmission a rochtain i gcónaí i gcomhthéacs nóis imeachta soláthair. Tá fáil ar nósanna imeachta soláthair foilsithe ar:

Cad é atá de dhíth orm chun eSubmission a úsáid?

Chun eSubmission a úsáid ní mór duit a bheith cláraithe i seirbhís fíordheimhniúcháin úsáideora an Choimisiúin Eorpaigh (EU Login). 

Chun freagairt do nós imeachta soláthair a foilsíodh ar ardán ríomhsholáthair an Aontais Eorpaigh, TED eTendering, beidh cuntas ar TED eTendering de dhíth ort chomh maith.

Chun d’eagraíocht a shainaithint san aighneacht leictreonach, ní mór don eagraíocht a bheith cláraithe i gclár eagraíochtaí an Choimisiúin (an Clár Rannpháirtithe) agus PIC (Cód Aitheantais Rannpháirtí) a bheith aici. Tá tuilleadh eolais maidir le PIC ar fáil anseo.  Is féidir le gach eagraíocht clárú saor in aisce.

EU Login

Is é EU Login an tairseach iontrála chun síniú isteach chuig seirbhísí agus/nó chuig córais éagsúla de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Mura bhfuil EU Login agat fós, is féidir cuntas a chruthú.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an cuidiú maidir le EU Login.

TED eTendering

Is é TED eTendering an t-ardán ríomhsholáthair ar a bhfoilsíonn institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh a nglaonna ar thairiscintí.

Is féidir leat cuntas eTendering a chruthú trí do chuntas EU Login.

An Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí

Is í an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí an pointe teagmhála aonair (an Limistéir Aonair um Shonraí Leictreonacha a Mhalartú) do rannpháirtithe agus do shaineolaithe i gcláir mhaoinithe agus i dtairiscintí arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí is féidir le rannpháirtithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Deiseanna a chuardach i gcláir mhaoiniúcháin an Aontais Eorpaigh nó i nósanna imeachta soláthair

  • Clárú sa Chlár Rannpháirtithe 

  • Na hAdmhálacha Fála Aighneachta (cruthúnas ar aighneacht) a rochtain (Submission Receipt)

  • Dréacht-aighneachtaí a fheiceáil, a chur in eagar nó a scriosadh

  • Aighneachtaí a aistarraingt agus an Admháil Aistarraingthe (cruthúnas ar aistarraingt) a rochtain (Withdrawal Receipt)

  • Róil a bhainistiú

An Clár Rannpháirtithe

Tá clár ar líne curtha ar bun ag an gCoimisiún d’eagraíochtaí atá rannpháirteach i nglaonna an Aontais ar thairiscintí nó ar thograí chun ‘prionsabal na haonuaire’ a chur i bhfeidhm: ní gá sonraí a bhaineann le heagraíocht an rannpháirtí a chur isteach ach aon uair amháin.  Tar éis an chláraithe, faigheann gach eagraíocht Cód Aitheantais Rannpháirtí (PIC) ar leith. Chun fáil amach conas PIC a fháil sa Chlár Rannpháirtithe, féach ar an leathanach seo.

Conas do thairiscint a ullmhú in eSubmission

Sna nósanna imeachta idirbheartaithe nó sna nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht gan foilsiú, ní fhéadfaidh ach na hiarrthóirí dár tugadh cuireadh tairiscint a chur isteach.

Má roghnaigh an t-údarás conarthach thú, gheobhaidh tú fógra ó TED eTendering ina n-iarrfar ort do rochtain ar na doiciméid soláthair a bhailíochtú agus tairiscint a chur isteach.

Seolfar an fógra chuig seoladh ríomhphoist d’eagraíochta, rud a shainaithin an t-údarás conarthach le linn chéim ullmhúcháin an nóis imeachta.

Is féidir teacht ar na fógraí tríd an rannán TED eTendering ‘Mo theachtaireachtaí’.

Chun do rochtain ar na doiciméid soláthair a bhailíochtú, ní mór duit cliceáil ar an nasc san fhógra.  Treoróidh an nasc thú chuig leathanach an ghlao ar thairiscintí ar TED eTendering, áit a bhfeicfidh tú an cnaipe Cuir isteach tairiscint. 

In eSubmission cliceáil ar Aighneacht nua (New submission) chun aighneacht nua a thosú, nó ar Tosaigh arís ar dhréacht (Resume draft) chun filleadh ar dhréachtaighneacht a tosaíodh roimhe. Is féidir leat tosú arís ar do dhréacht ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí chomh maith (le haghaidh tuilleadh eolais féach an rannán Aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintísan eolaí seo).

Nascleanúint a dhéanamh in eSubmission 

Nuair a thosóidh tú d’aighneacht, beidh tomhsaire le feiceáil ag barr an scáileáin. Léiríonn an líne sin na céimeanna uile nach mór a dhéanamh sula gcuirfear do thairiscint isteach. Léireofar freisin cén chéim ar a bhfuil tú i láthair na huaire.

Tráth ar bith le linn an phróisis aighneachta, is féidir leat a fheiceáil cé na doiciméid a uaslódáladh trí chliceáil ar an gcnaipe Doiciméid na haighneachta (Submission Documents) ar an taobh clé den scáileán.

(warning) Ní chuirfear aon ní isteach chuig an údarás conarthach go dtí go gcliceálfaidh tú an cnaipe Cuir isteach ag deireadh an phróisis aighneachta.

Bealaí chun aighneacht a chur isteach


Nuair a thosaíonn tú aighneacht nua, iarrfar ort an méid seo a leanas a chur in iúl:

  • an dóigh a gcuirfidh tú do thairiscint isteach: Aighneacht aonairAighneacht chomhpháirteach,
  • cé acu an mbeidh fochonraitheoireacht i gceist leis an aighneacht,
  • cén teanga ina ndéanfar an aighneacht.

Tar éis duit do rogha a dhéanamh, cliceáil an cnaipe Ar Aghaidh ag bun an leathanaigh.


Páirtithe

Sa rannán sin, ní mór duit na heagraíochtaí atá páirteach i d’aighneacht (rannpháirtithe) a shainaithint.  Cliceáil ar Páirtí nua agus roghnaigh an cineál rannpháirtí: príomhrannpháirtí (i gcás aighneacht aonair), ceannaire an ghrúpa nó ball den ghrúpa (i gcás aighneacht chomhpháirteach) agus fochonraitheoir (más infheidhme).

Ní mór gach rannpháirtí, seachas fochonraitheoirí, a shainaithint le Cód Aitheantais Rannpháirtí (PIC). Chun a sheiceáil an bhfuil PIC ag eintiteas cheana (i.e. an bhfuil sé cláraithe cheana féin sa Chlár Rannpháirtithe), úsáid an cnaipe Cuardaigh. Is féidir cuardach a dhéanamh de réir PIC, uimhir CBL, Uimhir Chlárúcháin Náisiúnta agus tíre. Chun bheith in ann cuardach a dhéanamh le huimhir CBL nó le hUimhir Chlárúcháin Náisiúnta, ní mór an tír a roghnú freisin.

Mura léirítear aon toradh ón gcuardach, ní mór don eagraíocht clárú chun PIC a fháil.  Tar éis PIC a fháil, téigh ar ais chuig eSubmission, cuardaigh de réir PIC agus roghnaigh an eagraíocht a thaispeánfar.

Na sonraí a bhaineann leis an PIC sa Chlár Rannpháirtithe, taispeánfar iad ar an scáileán agus iarrfar ort na sonraí/na doiciméid éigeantacha seo a leanas a sholáthar:

  • i gcás an Phríomhrannpháirtí nó Ceannaire an Ghrúpa:
    • Teagmhálaí (ainm agus seoladh ríomhphoist)
    • IBAN/Uimhir chuntais bainc
  • i gcás gach rannpháirtí: Dearbhú ar Bhriathar (comhlánaithe agus sínithe go cuí) i rannán na gceangaltán.

Déan seiceáil ar shonraíochtaí na tairisceana chun na doiciméid is gá a shainaithint chun aighneacht a dhéanamh.

I rannán an Teagmhálaí, is féidir leis an úsáideoir é/í féin a chur in iúl (agus an t-ainm réamhlíonta cheana) nó duine eile a chur in iúl mar an teagmhálaí le haghaidh na tairisceana. Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) don Teagmhálaí sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí, agus tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) don úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí). 

Mura bhfuil cuntas EU Login ag an PCoCo, cruthófar cuntas sealadach EU Login go huathoibríoch, bunaithe ar sheoladh ríomhphoist an Teagmhálaí, agus seolfar cuireadh ríomhphoist chuig an duine sin an clárú EU Login a chur i gcrích. Teachtaireacht uathoibríoch córais a bheidh sa chuireadh, gan tagairt ar bith don nós imeachta.

Sa roinn Ceangaltáin de gach rannpháirtí, is féidir leat doiciméid an rannpháirtí a bhaineann le critéir eisiaimh agus roghnúcháin a uaslódáil. Seiceáil na sonraíochtaí tairisceana chun a shainaithint cé na doiciméid nach mór a chur san áireamh le haghaidh gach rannpháirtí san aighneacht.

Cliceáil Críochnaithe agus tú réidh. 

(warning) Agus an chéim ‘Bealaí chun aighneacht a chur isteach’ curtha díot, ní fhéadfar an struchtúr a athrú a thuilleadh ó Aighneacht Chomhpháirteach go hAighneacht Aonair, ná a mhalairt. Sa chás gur mian leat struchtúr d’aighneachta a athrú nó Ceannaire an Ghrúpa a athrú, ní mór duit aighneacht nua a chruthú agus do dhréachtaighneacht a fhorscríobh (is é sin le rá go scriosfar na sonraí uile a cuireadh isteach agus na doiciméid uile a uaslódáladh roimhe).

Cliceáil Ar aghaidh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.


Baisceanna

I nós imeachta a bhfuil baisceanna éagsúla ann, roghnaigh an bhaisc/na baisceanna ar mhian leat tairiscint a chur isteach lena haghaidh/lena n-aghaidh agus ansin cliceáil an cnaipe Ar Aghaidh.  

(warning) Baineann sainaithint na rannpháirtithe leis an aighneacht ina hiomláine. Dá bhrí sin, más rud é nach ionann comhdhéanamh an chuibhreannais do gach baisc, beidh ort aighneacht ar leith a dhéanamh in aghaidh na baisce.


Sonraí tairisceana

Sa rannán sin ní mór duit suim do thairisceana a chur isteach (i gcás an chostais is ísle agus an mhodha dámhachtana praghsanna is ísle, agus sa chás sin amháin – déan cinnte de go n-úsáideann tú an fhormáid chéanna agus atá sa sampla ar an scáileán) agus/nó a dheimhniú cé acu a chomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais atá sonraithe sna doiciméid soláthair nó nach gcomhlíonann.

Má dhearbhaíonn tú nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais, iarrfar ort míniú a thabhairt i mbosca téacs tiomnaithe. Léireofar i dtuarascáil na haighneachta an dearbhú ar chomhlíonadh nó ar neamhchomhlíonadh, agus ar an míniú i gcás neamhchomhlíonta.

Tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’ is féidir leat an tairiscint a uaslódáil, agus an tairiscint theicniúil a uaslódáil má éilíonn an t-údarás conarthach i sonraíocht na tairisceana í. Is féidir leat níos mó ná comhad amháin a uaslódáil mar thairiscint theicniúil/airgeadais. 

Nuair a mheasann tú na sonraí tairisceana a bheith ceart agus an aighneacht a bheith comhlánaithe, cliceáil ar ‘Ar Aghaidh’. Ní bheidh an cnaipe sin gníomhach ach amháin má bhíonn na sonraí agus na doiciméid éigeantacha go léir curtha ar fáil.

(warning)  Ag an gcéim sin, níl do dhréacht-thairiscint, ná do chuid doiciméad uile, curtha isteach go fóill.

Tuarascáil aighneachta

Is é an córas a ghineann an tuarascáil aighneachta agus is cuid den aighneacht í an tuarascáil. Liostaítear sa tuarascáil na doiciméid uile a bhí san áireamh san aighneacht.

Is é eSubmission a ghineann an tuarascáil aighneachta go huathoibríoch agus a chuireann le d’aighneacht í. Is féidir leat amharc ar an tuarascáil ar an scáileán nó í a íoslódáil do do thaifid féin (sula gcuirfidh tú an tairiscint isteach). Ní gá an tuarascáil shínithe a shíniú ná a uaslódáil in eSubmission.

Tar éis duit amharc ar an tuarascáil aighneachta, má mheasann tú an aighneacht a bheith iomlán agus réidh le cur isteach, cliceáil Ar Aghaidh chun leanúint ar aghaidh.

(warning) Ní cruthúnas aighneachta atá sa tuarascáil aighneachta. Níor chuir tú isteach go fóill í. Lean ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile agus cliceáil Cuir isteach chun an aighneacht a chur i gcrích.

Do thairiscint a chur isteach

Agus tú réidh le do thairiscint a chur isteach, cliceáil Cuir isteachTaispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin duit.

Cliceáil más mian leat é a dheimhniú: ní bheidh tú in ann an aighneacht sin a mhodhnú a thuilleadh.

Tabhair do d’aire nach gceadóidh an córas duit í a chur isteach má baineadh amach an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach cheana.

Seolfar fógra ríomhphoist chuig seoladh ríomhphoist an PCoCo/CoCo. Beidh nasc san fhógra ríomhphoist sin chuig an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí áit ar féidir leis an PCoCo/CoCo teacht ar an Admháil Fála Aighneachta. Tabhair do d’aire go gcuirfear scéala chuig úinéirí na PIC ar baineadh úsáid astu san aighneacht.

(warning) Is cruthúnas atá san Admháil Fála Aighneachta gur comhlíonadh an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach.


Fógraí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí

Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) don Teagmhálaí a luaitear in eSubmission chun an tairiscint tosaigh a chur isteach sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí. Ní féidir ach Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin amháin a bheith ann in aghaidh gach aighneachta.

Ní féidir an PCoCo a athrú tríd an Tairseach. Déan teagmháil leis an údarás conarthach más gá PCoCo nua a cheapadh.

Tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) don úsáideoir a chuireann isteach an tairiscint tosaigh (murab ionann é agus an Teagmhálaí).

Is féidir Teagmhálaí/Teagmhálaithe Comhordúcháin breise (CoCo) a chur leis nó a bhaint de sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí tar éis don údarás conarthach na tairiscintí tosaigh a oscailt agus (más infheidhme) sula n-iarrann sé ar an tairgeoir tairiscint leasaithe a chur isteach:

  • Faoin roghchlár anuas ‘Gníomhaíocht’ (Action) ar an taobh deas d’aighneacht an tairgeora, cliceáil ar an rogha ‘Bainistigh Róil’ (Manage Roles). Ní bheidh an rogha sin le feiceáil ach amháin tar éis don údarás conarthach na tairiscintí tosaigh a oscailt.

  • Cliceáil an cnaipe ‘Cuir Róil in Eagar’ (Edit Roles).

  • Chun CoCo nua a chur leis, cliceáil an cnaipe ‘Cuir Róil leis’ (Add roles).

Chun CoCo a scriosadh (delete), cliceáil íocón an scriosta in aice lena (h)ainm.

  • Cuir isteach sonraí an duine atá le cur leis mar CoCo agus cliceáil an cnaipe OK.

(info)  Na CoConna a cuireadh leis mar a luaitear thuas tar éis don údarás conarthach cuireadh a sheoladh chuig an tairgeoir tairiscint leasaithe a chur isteach tríd an Tairseach, ní bheidh siad in ann an tairiscint leasaithe a chur isteach. Na PCoCo/CoConna a fuair an cuireadh, nó na CoConna a cuireadh leis tríd an gcnaipe gníomhaíochta “Bainistigh Róil’ ar an gcuireadh, is iadsan amháin a bheidh in ann tairiscint leasaithe a chur isteach (féach an tEolaí le haghaidh na nósanna imeachta idirbheartaithe – babhta 2/babhtaí ina dhiaidh sin).


Aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí

Chun dul isteach i do spás príobháideach den Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí, ní mór duit tú féin a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as an gcnaipe Logáil Isteach (Login) ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí ag barr an leathanaigh baile ar dheis (cuir isteach do EU Login agus do phasfhocal).

Amharc ar aighneachtaí

Faoin rannán ‘Bainistigh mo spás féin’ (Manage my area) ar chlé gheobhaidh an PCoCo/CoCo an aighneacht/na haighneachtaí faoin rannán ‘Mo chuid Aighneachtaí’ (My Submission(s)).
Tá réimse cuardaigh ar fáil freisin ar dheis os cionn liosta na n-aighneachtaí.

An rannán ‘Mo chuid aighneachtaí’

I gcás gach aighneachta is féidir leis an PCoCo/CoCo an méid seo a leanas a fheiceáil: uimhir thagartha an nóis imeachta, aitheantas na haighneachta, dáta na gníomhaíochta is deireanaí a rinneadh, stádas na haighneachta (dréacht, curtha isteach, aistarraingthe, scriosta), an sprioc-am, teideal an nóis imeachta agus cineál an nóis imeachta agus an babhta.

Leis an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ (Action) ar an taobh deas de gach aighneacht (murar scriosadh an aighneacht) is féidir leis an PCoCo/CoCo gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas na haighneachta.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Dréacht’ (Draft) leo:

  • Edit/Cuir in eagar: osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Is féidir leat d’aighneacht a chur in eagar in eSubmission ansin.
  • View/Amharc: Osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Ní féidir an aighneacht a chur in eagar toisc go bhfuil tú ag amharc uirthi i mód inléite amháin. 
  • Delete/Scrios scriosfar an dréachtaighneacht ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Curtha isteach’ (Submitted) leo:

  • View Receipt/Amharc ar an Admháil Fála: taispeánfar an admháil fála aighneachta.
  • Withdraw/Aistarraingt (gné nach mbíonn ar fáil ach amháin roimh an sprioc-am le cur isteach):  an chúis leis an aighneacht a aistarraingt a chur in iúl agus í a dheimhniú trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Aistarraingt’. Agus aighneacht aistarraingthe agat, ní féidir leat amharc uirthi, í a chur in eagar, ná í a chur isteach arís.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Aistarraingthe’ (Withdrawn) leo:

  • View Withdrawal Receipt/Amharc ar an Admháil Aistarraingthe: taispeánfar an admháil aistarraingthe.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Scriosta’ (Deleted) leo:

Ní bhíonn an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ ar fáil i gcás na dtairiscintí a bhfuil an stádas ‘Scriosta’ (Deleted) leo. A luaithe a scriostar dréacht-thairiscint, ní féidir leis an tairgeoir í a aisghabháil. 


Fógraí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí 

Mo chuid fógraí

Féadfaidh an PCoCo/CoCo rochtain a fháil ar an leathanach sin trí chliceáil ar íocón an chloigín ag barr an scáileáin ar dheis, tar éis dó logáil isteach sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

Ar an leathanach sin féadfaidh an PCoCo/CoCo teacht ar na fógraí seo a leanas:

  • Submission Receipt/Admháil Fála Aighneachta (cruthúnas ar chur isteach tairisceana)
  • Withdrawal Receipt/Admháil Aistarraingthe (cruthúnas ar thairiscint a aistarraingt)

Sa chluaisín ‘Sainroghanna’ (Preferences) faoi ‘Bainistigh gach fógra’ (Manage all notifications, ag bun liosta na bhfógraí) féadfaidh an PCoCo/CoCo minicíocht na bhfógraí ríomhphoist ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí a roghnú. Gan beann ar do rogha, bíonn fáil i gcónaí ar do chuid fógraí ar fad sa rannán Mo chuid fógraí (My notifications).

Mo chuid Fógraí Foirmiúla 

An rannán sin, atá ar fáil faoi Bainistigh mo spás féin (Manage my area) ar chlé, níl sé in úsáid faoi láthair le haghaidh nósanna imeachta soláthair.


  • No labels