You are viewing an old version of this page. View the current version.
Compare with Current View Page History
Version 6 Next »
(nósanna imeachta srianta, nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht agus comórtais deartha)
Is leis an dara céim de na nósanna imeachta dhá chéim a bhaineann an tEolaí seo, agus léi sin amháin. Ag an gcéim seo is iad na hiarrthóirí dár tugadh cuireadh agus a ghnóthaigh na critéir eisiaimh agus roghnúcháin ag an gcéad chéim a fhéadfaidh tairiscint a chur isteach, agus iad sin amháin. Na hEolaithe maidir leis an dara céim de na nósanna imeachta dhá chéim, chomh maith leis na heolaithe le haghaidh na nósanna imeachta soláthair eile, is féidir breathnú orthu sin ar vicí Ríomhsholáthair na Tairsí Maoiniúcháin agus Tairiscintí.
I do cháil mar oibreoir eacnamaíoch, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:
Do fhreagra ar nós imeachta a sheol institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh a ionchódú
Aighneachtaí a chur isteach ar bhealach slán
Féachaint ar dhréacht sábháilte nó tosú arís air
Dréacht-aighneacht a scriosadh
Cruthúnas a fháil gur cuireadh isteach é (Admháil Fála Aighneachta)(Submission Receipt)
Aighneacht a aistarraingt roimh an teorainn ama chun aighneachtaí a fháil
Cruthúnas ar aistarraingt a fháil (Admháil Aistarraingthe)(Withdrawal Receipt)
Déan deimhin de go léann tú na Ceanglais Chórais.
Tá siad le fáil ar leathanach tosaigh fheidhmchlár eSubmission agus i rannán na gceangaltán ar leathanach na bPáirtithe.
Má tá cabhair de dhíth ort is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann tacaíochta ón 08:00 go dtí 20:00 (Am Lár na hEorpa/Am Samhraidh Lár na hEorpa).
ec-funding-tender-service-desk@ec.europa.eu
+32 (0) 229 71063
Is i mBéarla amháin a fheidhmíonn an fhoireann tacaíochta.
Má d’éirigh le d’iarratas ar rannpháirtíocht sa chéad chéim den nós imeachta, gheobhaidh tú fógra ó TED eTendering ina n-iarrfar ort do rochtain ar na doiciméid soláthair a bhailíochtú agus tairiscint a chur isteach.
Seolfar an fógra chuig:
Is féidir teacht ar na fógraí freisin tríd an rannán TED eTendering ‘Mo theachtaireachtaí’.
Chun do rochtain ar na doiciméid soláthair a bhailíochtú, ní mór do PCoCo/CoCo cliceáil ar an nasc san fhógra. Treoróidh an nasc thú chuig leathanach an ghlao ar thairiscintí ar TED eTendering, áit a bhfeicfidh tú an cnaipe Cuir isteach tairiscint. Tabharfaidh an cnaipe seo thú chuig an rannán ‘Mo chuid Cuirí’ ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.
Chun gur féidir tairiscint a chur isteach, ní mór do PCoCo/CoCo a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh chun tairisceana ar dtús:
Tar éis dó a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh, déanfar an PCoCo/CoCo a atreorú go huathoibríoch chuig eSubmission, áit ar féidir tús a chur le tairiscint a chur isteach trí chliceáil ar ‘Aighneacht nua’.
Dá mb’fhearr leat tús a chur le d’aighneacht níos déanaí:
In eSubmission cliceáil ar Aighneacht nua chun aighneacht nua a thosú, nó ar Tosaigh arís ar dhréacht chun filleadh ar dhréachtaighneacht a tosaíodh roimhe. Is féidir leat tosú arís ar do dhréacht ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí chomh maith (le haghaidh tuilleadh eolais féach an rannán Aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí san eolaí seo).
Nuair a thosóidh tú d’aighneacht, beidh tomhsaire le feiceáil ag barr an scáileáin. Léiríonn an líne sin na céimeanna uile nach mór a dhéanamh sula gcuirfear do thairiscint isteach. Léireofar freisin cén chéim ar a bhfuil tú i láthair na huaire.
Tráth ar bith le linn an phróisis aighneachta, is féidir leat a fheiceáil cé na doiciméid a uaslódáladh trí chliceáil ar an gcnaipe Doiciméid na haighneachta ar an taobh clé den scáileán.
Ní chuirfear aon ní isteach chuig an údarás conarthach go dtí go gcliceálfaidh tú an cnaipe Cuir isteach ag deireadh an phróisis aighneachta. |
Sa chéim seo, ní féidir ach rannán an Teagmhálaí a chur in eagar.
Is féidir leis an úsáideoir a thosaíonn an tairiscint é/í féin, nó duine eile, a chur in iúl mar Theagmhálaí (tá an t-ainm réamhlíonta cheana féin). Mura bhfuil cuntas EU Login ag an duine eile sin, cruthófar cuntas sealadach EU Login go huathoibríoch, bunaithe ar sheoladh ríomhphoist an Teagmhálaí, agus seolfar cuireadh ríomhphoist chuig an duine sin chun an clárú EU Login a chur i gcrích. Teachtaireacht uathoibríoch córais a bheidh sa chuireadh, gan tagairt ar bith don nós imeachta.
Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) don Teagmhálaí sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí, agus tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) don úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach (más rud é nach ionann é agus an Teagmhálaí).
Cliceáil Ar aghaidh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
Sa rannán sin ní mór duit suim do thairisceana a chur isteach (i gcás an chostais is ísle agus an mhodha dámhachtana praghsanna is ísle, agus sa chás sin amháin – déan cinnte de go n-úsáideann tú an fhormáid chéanna agus atá sa sampla ar an scáileán) agus/nó a dheimhniú cé acu a chomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais atá sonraithe sna doiciméid soláthair nó nach gcomhlíonann.
Má dhearbhaíonn tú nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais, iarrfar ort míniú a thabhairt i mbosca téacs tiomnaithe. Léireofar i dtuarascáil na haighneachta an dearbhú ar chomhlíonadh nó ar neamhchomhlíonadh, agus ar an míniú i gcás neamhchomhlíonta.
Tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’ is féidir leat an tairiscint a uaslódáil, agus an tairiscint theicniúil a uaslódáil má éilíonn an t-údarás conarthach i sonraíocht na tairisceana í. Is féidir leat níos mó ná comhad amháin a uaslódáil mar thairiscint theicniúil/airgeadais.
Nuair a mheasann tú na sonraí tairisceana a bheith ceart agus an aighneacht a bheith comhlánaithe, cliceáil ar ‘Ar Aghaidh’. Ní bheidh an cnaipe sin gníomhach ach amháin má bhíonn na sonraí agus na doiciméid éigeantacha go léir curtha ar fáil.
Ag an gcéim sin, níl do dhréacht-thairiscint, ná do chuid doiciméad uile, curtha isteach go fóill. |
Is é an córas a ghineann an tuarascáil aighneachta agus is cuid den aighneacht í an tuarascáil. Liostaítear sa tuarascáil na doiciméid uile a bhí san áireamh san aighneacht.
Is é eSubmission a ghineann an tuarascáil aighneachta go huathoibríoch agus a chuireann le d’aighneacht í. Is féidir leat amharc ar an tuarascáil ar an scáileán nó í a íoslódáil do do thaifid féin (sula gcuirfidh tú an tairiscint isteach). Ní gá an tuarascáil shínithe a shíniú ná a uaslódáil in eSubmission.
Tar éis duit amharc ar an tuarascáil aighneachta, má mheasann tú an aighneacht a bheith iomlán agus réidh le cur isteach, cliceáil Ar Aghaidh chun leanúint ar aghaidh.
Ní cruthúnas aighneachta atá sa tuarascáil aighneachta. Níor chuir tú isteach go fóill í. Lean ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile agus cliceáil Cuir isteach chun an aighneacht a chur i gcrích. |
Agus tú réidh le do thairiscint a chur isteach, cliceáil Cuir isteach. Taispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin duit.
Cliceáil Tá más mian leat é a dheimhniú: ní bheidh tú in ann an aighneacht sin a mhodhnú a thuilleadh.
Tabhair do d’aire nach gceadóidh an córas duit í a chur isteach má baineadh amach an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach cheana.
Cuirfear fógra ríomhphoist chuig an seoladh ríomhphoist atá nasctha le cuntas EU LoginanPhríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) agus chuig na Teagmhálaithe Comhordúcháin uile (CoCo) a luaitear leis an tairiscint sin. Beidh nasc san fhógra ríomhphoist sin chuig an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí áit ar féidir teacht ar an Admháil Fála Aighneachta.
Is cruthúnas atá san Admháil Fála Aighneachta gur comhlíonadh an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach. |
Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) don Teagmhálaí a luaitear leis an tairiscint in eSubmission chun an tairiscint a chur isteach sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí. Ní féidir ach Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin amháin a bheith ann in aghaidh gach aighneachta.
Tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) don úsáideoir a chuireann isteach an tairiscint (murab ionann é agus an Teagmhálaí).
Is féidir Teagmhálaí/Teagmhálaithe Comhordúcháin breise (CoCo) a chur leis nó a bhaint de sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí tar éis don údarás conarthach na cuirí a sheoladh le haghaidh céim 2:
Chun CoCo a scriosadh, cliceáil íocón an scriosta in aice lena (h)ainm.
Is í an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí an pointe teagmhála aonair (an Limistéir Aonair um Shonraí Leictreonacha a Mhalartú) do rannpháirtithe agus do shaineolaithe i gcláir mhaoinithe agus i dtairiscintí arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
I do spás príobháideach ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:
Chun dul isteach i do spás príobháideach den Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí, ní mór duit tú féin a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as an gcnaipe Logáil Isteach ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí ag barr an leathanaigh baile ar dheis (cuir isteach do EU Login agus do phasfhocal).
Faoin rannán Bainistigh mo spás féin(Manage my area) ar chlé, gheobhaidh an PCoCo/CoCo an cuireadh/na cuirí le haghaidh céim 2 faoin rannán Mo chuid Cuirí (My Invitation(s)). Tá réimse cuardaigh ann freisin ar dheis os cionn liosta na gcuirí.
I gcás gach cuiridh is féidir leis an PCoCo/CoCo an méid seo a leanas a fheiceáil: uimhir thagartha an nóis imeachta, stádas an chuiridh (faighte, admhaithe), an sprioc-am, an bhaisc (más infheidhme), teideal an nóis imeachta, cineál an nóis imeachta agus an chéim.
Leis an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ (Action) ar an taobh deas de gach aighneacht (murar scriosadh an aighneacht) is féidir leis an PCoCo/CoCo gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas an chuiridh agus ar stádas na haighneachta.
I gcás cuirí a bhfuil stádas Faighte (Received) leo:
I gcás cuirí a bhfuil stádas Admhaithe (Acknowledged)leo:
Chun na haighneachtaí a ghabhann le cuireadh a fheiceáil agus a bhainistiú, cliceáil ar annasc ‘Aighneacht(aí)’.
Leis an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ ar an taobh deas de gach aighneacht (murar scriosadh an aighneacht), is féidir leis an PCoCo/CoCo gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas na haighneachta.
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Dréacht’(Draft) leo:
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Curtha isteach’(Submitted) leo:
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Aistarraingthe’(Withdrawn) leo:
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Scriosta’ (Deleted) leo:
Ní bhíonn an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ ar fáil i gcás na dtairiscintí a bhfuil an stádas ‘Scriosta’ (Deleted) leo. A luaithe a scriostar dréacht-thairiscint, ní féidir leis an tairgeoir í a aisghabháil.
Níl feidhm ag an rannán seo ach amháin maidir le nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht a bhfuil níos mó ná babhta caibidlíochta amháin i gceist i gcéim a dó.
Má chinneann an t-údarás conarthach cuireadh a thabhairt duit tairiscint leasaithe a chur isteach trí eSubmission, gheobhaidh an PCoCo/CoCo fógra ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.
Chun tairiscint leasaithe a chur isteach, ní mór don PCoCo/CoCo a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh. Tar éis dó a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh, déanfar an PCoCo/CoCo a atreorú go huathoibríoch chuig eSubmission, áit ar féidir tús a chur le tairiscint leasaithe a chur isteach trí chliceáil ar ‘Aighneacht nua’. Chun a fháil amach conas tairiscint leasaithe a chur isteach sa bhabhta/sna babhtaí ina dhiaidh sin, féach an tEolaí maidir le nósanna imeachta idirbheartaithe – Babhta 2 / babhta(í) ina dhiaidh sin.
Féadfaidh an PCoCo/CoCo rochtain a fháil ar an leathanach sin trí chliceáil ar íocón an chloigín ag barr an scáileáin ar dheis, tar éis dó logáil isteach sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.
Ar an leathanach sin féadfaidh an PCoCo/CoCo teacht ar na fógraí seo a leanas:
Sa chluaisín ‘Sainroghanna’ (Preferences) faoi ‘Bainistigh gach fógra’ (Manage all notifications) (ag bun liosta na bhfógraí) féadfaidh an PCoCo/CoCo minicíocht na bhfógraí ríomhphoist ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí a roghnú. Gan beann ar do rogha, bíonn fáil i gcónaí ar do chuid fógraí ar fad sa rannán Mo chuid fógraí (My notifications).
An rannán sin, atá ar fáil faoi Bainistigh mo spás féin ar chlé, níl sé in úsáid faoi láthair le haghaidh nósanna imeachta soláthair.