Cuirí agus aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’
I nósanna imeachta idirbheartaithe nó i nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht gan foilsiú, ní fhéadfaidh ach na hiarrthóirí dár tugadh cuireadh tairiscint a chur isteach.
Má thugtar cuireadh duit tairiscint a chur isteach, gheobhaidh tú na nithe seo a leanas:
- Ríomhphost cuiridh
- fógra sa tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’
Sa ríomhphost cuiridh, gheobhaidh tú nasc a thabharfaidh chuig an rannán Cuirí thú ar an tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ - ní mór duit síniú isteach le do EU Login. Mura bhfuil cuntas EU Login agat atá nasctha go fóill leis an seoladh ríomhphoist a d’úsáid an t‑údarás conarthach don chuireadh, cruthófar go huathoibríoch duit é ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’. Féach an míniú mionsonraithe anseo .
Amharc ar chuireadh/cuirí
Ón roghchlár nascleanúna ar chlé, gheobhaidh tú an cuireadh/na cuirí faoin rannán Cuirí. Tá réimse cuardaigh ann freisin ar dheis os cionn liosta na gcuirí.
Cliceáil Roghnaigh Eagraíocht ó chnaipe an roghchláir (trí phonc) le haghaidh an chuiridh a fuarthas - ní mór duit an eagraíocht atá luaite sa chuireadh a roghnú mar ‘Rannpháirtí’.
Beidh fuinneog aníos le feiceáil áit a mbeidh dhá rogha agat:
- Mo chuid eagraíochtaí - is féidir leat eagraíocht a roghnú as na heagraíochtaí sin a bhfuil ról agat iontu: ról le haghaidh na heagraíochta (e.g. féinchláraí, LEAR, LSIGN) nó le haghaidh tionscadail (aighneacht/cuireadh/conradh/deontas) . Mura bhfuil d’eagraíocht cláraithe go fóill, ní mór duit í a chlárú ar dtús sa Chlár Rannpháirtithe chun PIC (Cód Aitheantais Rannpháirtí) a fháil. Léigh tuilleadh anseo. Tar éis d’eagraíocht a bheith cláraithe, is féidir leat PIC nuachruthaithe a roghnú.
- Eagraíocht Eile - is féidir leat na heagraíochtaí atá cláraithe ar an tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ a chuardach trí ainm na heagraíochta nó uimhir PIC a chur isteach.
Ní bheidh tú in ann sonraí agus doiciméid an chuiridh a fheiceáil go dtí go mbeidh d’eagraíocht roghnaithe agat.
Má chliceáiltear ar uimhir thagartha an nós imeachta gheobhaidh tú an leathanach sonraí nós imeachta.
Faoin rannán ‘Sonraí’ beidh tú in ann an méid a leanas a dhéanamh:
- Féach sonraí an nós imeachta
Faoin rannán Eolas Ginearálta is féidir leat amharc ar an eolas a bhaineann leis an nós imeachta.
- Rochtain a fháil ar na doiciméid soláthair shrianta
Faoin rannán ‘Doiciméid shrianta’, is féidir leat féachaint ar dhoiciméid nós imeachta.
- Rochtain a fháil ar na doiciméid soláthair shrianta
Má tá roinnt leaganacha de dhoiciméad ann, feicfidh tú an leagan is déanaí ar an scáileán. Chun amharc ar leagan níos sine, cliceáil ar an roghchlár anuas agus an leagan is mian leat a fheiceáil a roghnú. Is féidir leat féachaint freisin ar na haistriúcháin atá ar fáil (más ann dóibh).
- Faigh rochtain ar an rannán Ceisteanna & Freagraí Srianta.
Sa rannán sin, is féidir leat ceist a chur faoin nós imeachta.
Má chuireann an t‑údarás conarthach an freagra ar fáil go príobháideach, beidh sé le feiceáil faoin rannán ‘Mo cheisteanna agus freagraí’. Má thugtar an freagra do gach iarrthóir a dtugtar cuireadh dóibh maidir leis an nós imeachta, beidh sé le feiceáil faoin rannán ‘Ceisteanna agus Freagraí Srianta’. Chun tuilleadh eolais a fháil féach Conas ceist a chruthú agus a chur isteach ar an tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.
Ní féidir an aighneacht a dhéanamh ach amháin ón rannán ‘Mo Chuid Cuirí’. Ní féidir tairiscint/tairiscintí a chur isteach ó leathanach sonraí nós imeachta.
An rannán ‘Cuirí’
Maidir le gach cuireadh, is féidir leat uimhir thagartha an nós imeachta, stádas an chuiridh (faighte, admhaithe), an sprioc-am, an bhaisc (más infheidhme), teideal an nós imeachta, cineál an nós imeachta agus an chéim a fheiceáil. Le cnaipe an roghchláir (trí phonc) den chuireadh/ aighneacht, is féidir leat gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas an chuiridh/na haighneachta.
I gcás cuirí a bhfuil stádas Faighte leo:
- Cur in iúl go bhfuarthas cuireadh: cliceáil anseo chun a dheimhniú go bhfuair tú an cuireadh tairiscint a chur isteach. Tabharfar chuig an tairseach eSubmission thú, áit ar féidir leat do thairiscint a chur isteach.
- Róil a bhainistiú: beidh tú in ann rochtain ar do chuireadh a fheiceáil agus a bhainistiú (daoine a chur leis/a bhaint, ar daoine iad a bheidh in ann rochtain a fháil ar an gcuireadh agus tairiscint a chur isteach freisin).
- Féach Sonraí: beidh tú in ann na sonraí a bhaineann leis an nós imeachta a fheiceáil (féach thuas).
I gcás cuirí a bhfuil stádas Admhaithe leo:
- Aighneacht nua a thosú: cliceáil chun tairiscint nua a chur isteach.
- Róil a bhainistiú: beidh tú in ann rochtain ar do chuireadh a fheiceáil agus a bhainistiú (daoine a chur leis/a bhaint, ar daoine iad a bheidh in ann féachaint ar an gcuireadh agus tairiscint a chur isteach freisin).
- Féach Sonraí: beidh tú in ann na sonraí a bhaineann leis an nós imeachta a fheiceáil (féach thuas).
Má thosaigh tú ag ullmhú aighneachta nó má chuir tú aighneacht isteach cheana féin, feicfidh tú an nasc Aighneacht/Aighneachtaí.
Le cnaipe an roghchláir (trí phonc) ar an taobh deas de gach aighneacht is féidir leat gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas na haighneachta.
I gcás aighneachtaí a bhfuil an stádas Dréacht leo:
- Cuir in eagar: osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Is féidir leat d’aighneacht a chur in eagar in eSubmission anois.
- Amharc: osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Ní féidir an aighneacht a chur in eagar toisc go bhfuil tú ag amharc uirthi i mód inléite amháin.
- Scrios: scriosfar an dréacht‑aighneacht ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas Curtha isteach leo:
- Amharc ar an Admháil Fála: taispeánfar an admháil fála aighneachta.
- Aistarraingt (gné nach mbíonn ar fáil ach amháin roimh an sprioc-am le cur isteach): an chúis leis an aighneacht a aistarraingt a chur in iúl agus í a dheimhniú trí chliceáil ar an gcnaipe Aistarraingt. Agus aighneacht aistarraingthe agat, ní féidir leat amharc uirthi, í a chur in eagar, ná í a chur isteach arís.
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Aistarraingthe’ leo:
- Amharc ar an Admháil Aistarraingthe: taispeánfar an admháil aistarraingthe.
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Scriosta’ leo:
[
- Ní bhíonn an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ ar fáil i gcás na dtairiscintí a bhfuil an stádas ‘Scriosta’ leo. A luaithe a scriostar dréacht‑thairiscint, ní féidir leis an tairgeoir í a aisghabháil.
Conas do thairiscint a ullmhú in eSubmission
Chun gur féidir tairiscint a chur isteach, ní mór duit a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh chun tairisceana ar dtús:
- Faigh an nós imeachta in Cuirí ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.
- I gcnaipe an roghchláir (trí phonc) den nós imeachta, cliceáil ar ‘Cur in iúl go bhfuarthas cuireadh’ chun a dheimhniú go bhfuair tú an cuireadh. Cuirfear stádas ‘Admhaithe’ leis an gcuireadh.
Tar éis duit a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh, déanfar tú a atreorú go huathoibríoch chuig eSubmission, áit ar féidir leat tús a chur le tairiscint a chur isteach trí chliceáil ar ‘Aighneacht nua’.
Dá mb’fhearr leat tús a chur le d’aighneacht níos déanaí:
- Logáil isteach sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí.
- Téigh chuig Cuirí agus aimsigh an nós imeachta.
- Ó chnaipe an roghchláir (trí phonc) den nós imeachta, cliceáil ar Tosaigh Aighneacht Nua. Atreorófar tú ansin chuig eSubmission.
In eSubmission cliceáil ar Aighneacht nua chun aighneacht nua a thosú nó ar Tosaigh arís ar dhréacht chun filleadh ar dhréacht‑aighneacht a tosaíodh roimhe.
Nascleanúint a dhéanamh in eSubmission
Nuair a thosóidh tú d’aighneacht, beidh tomhsaire le feiceáil ag barr an scáileáin. Léiríonn an tomhsaire sin na céimeanna uile nach mór a dhéanamh sula gcuirfear do thairiscint isteach. Léireofar freisin cén chéim ar a bhfuil tú i láthair na huaire. Tráth ar bith le linn an phróisis aighneachta, is féidir leat a fheiceáil cé na doiciméid a uaslódáladh trí chliceáil ar an gcnaipe Doiciméid na haighneachta ar an taobh clé den scáileán.
|
Bealaí chun aighneacht a chur isteach
Nuair a thosaíonn tú aighneacht nua, iarrfar ort an méid seo a leanas a chur in iúl:
- an dóigh a gcuirfidh tú do thairiscint isteach: Aighneacht aonair nó Aighneacht chomhpháirteach,
- cé acu an mbeidh fochonraitheoireacht i gceist leis an aighneacht,
- cén teanga ina ndéanfar an aighneacht.
Tar éis duit do rogha a dhéanamh, cliceáil an cnaipe Ar Aghaidh ag bun an leathanaigh.
Páirtithe
Sa rannán seo, ní mór duit na heagraíochtaí atá rannpháirteach i d’aighneacht a shainaithint (rannpháirtithe). Cliceáil ar Páirtí nua agus roghnaigh an cineál rannpháirtí: príomhrannpháirtí (i gcás aighneacht aonair), ceannaire an ghrúpa nó ball den ghrúpa (i gcás aighneacht chomhpháirteach) agus fochonraitheoir (más infheidhme). Ní mór gach rannpháirtí, seachas fochonraitheoirí, a shainaithint le PIC – Cód Aitheantais Rannpháirtí.
Ba cheart an uimhir PIC den Phríomhrannpháirtí nó den cheannaire Grúpa a bheith mar an gcéanna leis an PIC atá nasctha leis an gcuireadh don nós imeachta idirbheartaithe seo sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ faoi ‘Cuirí’.
Chun an PIC ceart a roghnú agus a sheiceáil má tá PIC ag eintiteas cheana (i.e. an bhfuil sé cláraithe cheana féin sa Chlár Rannpháirtithe), úsáid an réimse ‘Cuardaigh eagraíocht’. Tá dhá rogha cuardaigh ann: Mo chuid eagraíochtaí nó eagraíochtaí eile.
Mo chuid Eagraíochtaí : Cliceáil ar an roghchlár anuas chun liosta na n‑eagraíochtaí a d’úsáid an t‑úsáideoir atá logáilte isteach in aighneachtaí roimhe seo nó ar sannadh ról dó/di (e.g. féinchláraí, LEAR nó riarthóir cuntas) a thaispeáint. Is iad sin na heagraíochtaí céanna is féidir le húsáideoirí a fheiceáil faoin táb ‘Mo chuid eagraíochtaí’ ar an roghchlár ar chlé sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ tar éis dóibh logáil isteach lena gcuntas EU Login.
Eagraíochtaí Eile: Is féidir leat na heagraíochtaí atá cláraithe ar an gClár Rannpháirtithe a chuardach trí ainm nó PIC (Cód Aitheantais Rannpháirtí) na heagraíochta a iontráil.
Mura léirítear aon toradh ón gcuardach, ní mór don eagraíocht clárú chun PIC a fháil. Tar éis d’eagraíocht a chlárú, is féidir leat filleadh ar eSubmission agus an PIC nuachruthaithe a roghnú trí cheann amháin den dá rogha cuardaigh a úsáid.
Na sonraí a bhaineann leis an PIC sa Chlár Rannpháirtithe, taispeánfar iad ar an scáileán agus iarrfar ort na sonraí/na doiciméid éigeantacha seo a leanas a sholáthar:
- i gcás an Phríomhrannpháirtí nó Ceannaire an Ghrúpa:
- Teagmhálaí (ainm agus seoladh ríomhphoist)
- IBAN/Uimhir cuntais bainc
Má tá cód IBAN ag an gcuntas bainc, ba cheart tic a chur sa ticbhosca ‘IBAN’ agus fíoróidh eSubmission an bhfuil an cuntas bainc IBAN bailí. - i gcás gach rannpháirtí: Dearbhú ar Bhriathar (comhlánaithe agus sínithe go cuí) sa rannán Ceangaltáin.
I rannán an Teagmhálaí, is féidir leis an úsáideoir é/í féin a chur in iúl (agus an t‑ainm réamhlíonta cheana) nó duine eile a chur in iúl mar an teagmhálaí le haghaidh na tairisceana. Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) don Teagmhálaí ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, agus tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) don úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí).
Mura bhfuil cuntas EU Login ag an PCoCo, cruthófar cuntas sealadach EU Login go huathoibríoch, bunaithe ar sheoladh ríomhphoist an Teagmhálaí, agus seolfar cuireadh ríomhphoist chuig an duine sin an clárú EU Login a chur i gcrích. Teachtaireacht uathoibríoch chórais a bheidh sa chuireadh, gan tagairt ar bith don nós imeachta.
Sa rannán Ceangaltáin de chuid gach rannpháirtí is féidir leat doiciméid an rannpháirtí a bhaineann le critéir eisiaimh agus roghnúcháin a uaslódáil. Seiceáil na sonraíochtaí tairisceana chun a shainaithint cé na doiciméid nach mór a chur san áireamh le haghaidh gach rannpháirtí san aighneacht.
Cliceáil ar Críochnaithe agus tú réidh.
|
Cliceáil Ar aghaidh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
Baisceanna
I nós imeachta a bhfuil baisceanna éagsúla ann, roghnaigh an bhaisc(na baisceanna) ar mhian leat tairiscint a chur isteach lena haghaidh/lena n‑aghaidh agus ansin cliceáil an cnaipe Ar Aghaidh.
|
Sonraí tairisceana
Sa rannán seo ní mór duit méid do thairisceana a chur isteach (i gcás an chostais is ísle agus an mhodha dámhachtana praghsanna is ísle, agus sa chás sin amháin - déan cinnte de go n‑úsáideann tú an fhormáid chéanna agus atá sa sampla ar an scáileán) agus/nó a dheimhniú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais atá sonraithe sna doiciméid soláthair.
Má dhearbhaíonn tú nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais, iarrfar ort míniú a thabhairt i mbosca téacs tiomnaithe. Léireofar i dtuarascáil na haighneachta an dearbhú ar chomhlíonadh nó ar neamhchomhlíonadh, agus ar an míniú i gcás neamhchomhlíonta.
Tar éis cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’ is féidir leat an tairiscint airgeadais a uaslódáil, agus an tairiscint theicniúil má éilíonn an t‑údarás conarthach í. Is féidir leat níos mó ná comhad amháin a uaslódáil mar thairiscint theicniúil/airgeadais.
Nuair a mheasann tú na sonraí tairisceana a bheith ceart agus an aighneacht a bheith comhlánaithe, cliceáil ar ‘Ar Aghaidh’. Ní bheidh an cnaipe sin gníomhach ach amháin má bhíonn na sonraí agus na doiciméid éigeantacha go léir curtha ar fáil.
|
Tuarascáil aighneachta
Is é an córas a ghineann an tuarascáil aighneachta agus is cuid den aighneacht í an tuarascáil. Liostaítear sa tuarascáil na doiciméid uile atá san áireamh leis an aighneacht. Is é eSubmission a ghineann an tuarascáil aighneachta go huathoibríoch agus a chuireann le d’aighneacht í. Is féidir leat amharc ar an tuarascáil ar an scáileán nó í a íoslódáil do do thaifid féin (sula gcuirfidh tú an tairiscint isteach). Ní gá an tuarascáil shínithe a shíniú ná a uaslódáil in eSubmission.
Tar éis duit amharc ar an tuarascáil aighneachta, má mheasann tú an aighneacht a bheith iomlán agus réidh le cur isteach, cliceáil Ar Aghaidh chun leanúint ar aghaidh.
|
Do thairiscint a chur isteach
Agus tú réidh le do thairiscint a chur isteach, cliceáil ar ‘Cuir isteach’. Taispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin duit.
Cliceáil Tá más mian leat é a dheimhniú: ní bheidh tú in ann an aighneacht sin a mhodhnú a thuilleadh.
Tabhair do d’aire nach gceadóidh an córas duit í a chur isteach má baineadh amach an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach cheana. Seolfar fógra ríomhphoist chuig seoladh ríomhphoist an PCoCo/CoCo. Beidh nasc san fhógra ríomhphoist sin chuig an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, áit ar féidir leis an PCoCo/CoCo teacht ar an Admháil Fála Aighneachta. Tabhair do d’aire go gcuirfear scéala chuig úinéirí an PIC ar baineadh úsáid as san aighneacht.
|
Fógraí a bhainistiú ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’
Tugtar ról an Phríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) le haghaidh an chuiridh don chuntas EU Login atá nasctha leis an seoladh ríomhphoist ar seoladh an cuireadh chuige . Tríd an gcnaipe ‘Bainistigh Róil’ (féach thíos) is féidir le PCoCo daoine eile óna n‑eagraíocht a chur leis an gcuireadh mar Theagmhálaí Comhordúcháin (CoCo).
Faigheann an Teagmhálaí a luaitear sa tairiscint a chuirtear isteach PCoCo le haghaidh na haighneachta agus an cuireadh le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin. Faigheann an t‑úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí san aighneacht) an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) le haghaidh na haighneachta agus an cuireadh le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin, mura rud é gur bhain PCoCo/CoCo eile an ról den aighneacht sa tréimhse idir oscailt na tairisceana ag an údarás conarthach agus fáil an chuiridh le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin.
Is féidir le PCoCo nó CoConna na míre faoi seach (cuireadh nó aighneacht) na gníomhaíochtaí uile a bhfuil tuairisc orthu thuas a dhéanamh (féach an rannán ‘Mo Chuid Cuirí’). Tabhair do d’aire nach féidir ach PCoCo amháin a bheith ann le haghaidh gach cuiridh nó aighneachta.
Chun róil a shainiú/a bhaint d’aighneacht, lean na céimeanna thíos:
1 | Faoi chnaipe an roghchláir (trí phonc) ar an taobh deas d’aighneacht na tairisceana tosaigh, cliceáil ar an rogha Bainistigh Róil. |
2 | Cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil in Eagar . |
3. | Chun CoCo nua a chur isteach, cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil isteach. Cuir isteach na sonraí teagmhála agus cliceáil ar Sábháil. Taispeántar na sonraí den CoCo arna chur leis faoi Róil le haghaidh na heagraíochta. |
4. | Chun CoCo a scriosadh, cliceáil íocón an scriosta in aice lena ainm. |
Na CoConna a cuireadh leis mar a luaitear thuas tar éis don údarás conarthach cuireadh a sheoladh chuig an tairgeoir tairiscint leasaithe a chur isteach tríd an Tairseach, ní bheidh siad in ann an tairiscint athbhreithnithe a chur isteach. Na PCoCo/CoConna a fuair an cuireadh nó na CoConna a cuireadh leis tríd an gcnaipe gníomhaíochta ‘Bainistigh Róil’ ar an gcuireadh, is iadsan amháin a bheidh in ann tairiscint leasaithe a chur isteach (féach na treoirlínte le haghaidh bhabhta 2 nó babhta(í) ina dhiaidh sin)).