Féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch tairiscint a chur isteach trí úsáid a bhaint as nasc na Tairsí ‘Cistiú agus Tairiscintí’ a luaitear san fhógra conartha.
Nuair a bheidh tú ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, ní mór duit cliceáil ar Rochtain ar aighneacht: atreoróidh sé sin tú chuig an tairseach eSubmission, ar choinníoll go bhfuil tú logáilte isteach le do chuntas EU Login.
Ar an gcéad dul síos, ní mór duit na Téarmaí agus Coinníollacha a léamh agus a ghlacadh agus a admháil gur léigh tú agus gur thuig tú Ráiteas Príobháideachais na Tairsí ‘Cistiú agus Tairiscintí’ agus an Ráiteas Príobháideachais maidir le dámhachtain agus bainistiú soláthair.
In eSubmission cliceáil ar Aighneacht nua chun aighneacht nua a thosú nó ar Tosaigh arís ar dhréacht chun filleadh ar dhréacht‑aighneacht a tosaíodh roimhe. Is féidir leat tosú arís ar do dhréacht ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ chomh maith (le haghaidh tuilleadh eolais féach an rannán Aighneachtaí a bhainistiú ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ sa treoir seo).
Nuair a thosóidh tú d’aighneacht, beidh tomhsaire le feiceáil ag barr an scáileáin. Léiríonn an líne sin na céimeanna uile nach mór a dhéanamh sula gcuirfear do thairiscint isteach. Léireofar freisin cén chéim ar a bhfuil tú i láthair na huaire.
Tráth ar bith le linn an phróisis aighneachta, is féidir leat a fheiceáil cé na doiciméid a uaslódáladh trí chliceáil ar an gcnaipe Doiciméid na haighneachta ar an taobh clé den scáileán.
|
Nuair a thosaíonn tú aighneacht nua, iarrfar ort an méid seo a leanas a chur in iúl:
Tar éis duit do rogha a dhéanamh, cliceáil ar an gcnaipe Ar Aghaidh ag bun an leathanaigh.
Sa rannán seo, ní mór duit na heagraíochtaí atá rannpháirteach i d’aighneacht a shainaithint (rannpháirtithe). Cliceáil ar Páirtí nua agus roghnaigh an cineál rannpháirtí: príomhrannpháirtí (i gcás aighneacht aonair), ceannaire an ghrúpa nó ball den ghrúpa (i gcás aighneacht chomhpháirteach) agus fochonraitheoir (más infheidhme).
Ní mór gach rannpháirtí, seachas fochonraitheoirí, a shainaithint le PIC – Cód Aitheantais Rannpháirtí. Chun a sheiceáil an bhfuil PIC ag eintiteas cheana (i.e. an bhfuil sé cláraithe cheana féin sa Chlár Rannpháirtithe), úsáid an réimse ‘Cuardaigh eagraíocht’. Tá dhá rogha cuardaigh ann: Mo chuid eagraíochtaí nó eagraíochtaí eile .
Mo chuid Eagraíochtaí : Cliceáil ar an roghchlár anuas chun liosta na n‑eagraíochtaí a d’úsáid an t‑úsáideoir atá logáilte isteach in aighneachtaí roimhe seo nó ar sannadh ról dóibh (e.g. féinchláraí, LEAR nó riarthóir cuntas) a thaispeáint. Is iad sin na heagraíochtaí céanna is féidir le húsáideoirí a fheiceáil faoin táb ‘Mo chuid eagraíochtaí’ ar an roghchlár ar chlé sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ tar éis dóibh logáil isteach lena gcuntas EU Login.
Eagraíochtaí Eile: Is féidir leat na heagraíochtaí atá cláraithe ar an gClár Rannpháirtithe a chuardach trí ainm nó PIC (Cód Aitheantais Rannpháirtí) na heagraíochta a iontráil.
Mura léirítear aon toradh ón gcuardach, ní mór don eagraíocht clárú chun PIC a fháil. Tar éis d’eagraíocht a chlárú, is féidir leat filleadh ar eSubmission agus an PIC nuachruthaithe a roghnú trí cheann amháin den dá rogha cuardaigh a úsáid.
Na sonraí a bhaineann leis an PIC sa Chlár Rannpháirtithe, taispeánfar iad ar an scáileán agus iarrfar ort na sonraí/na doiciméid éigeantacha seo a leanas a sholáthar:
I rannán an Teagmhálaí, is féidir leis an úsáideoir é/í féin a chur in iúl (bíonn an t‑ainm réamhlíonta cheana) nó duine eile a chur in iúl mar an teagmhálaí chun an tairiscint a chur isteach. Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) don Teagmhálaí ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, agus tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) don úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí).
Mura bhfuil cuntas EU Login ag an PCoCo, cruthófar cuntas sealadach EU Login go huathoibríoch, bunaithe ar sheoladh ríomhphoist an Teagmhálaí, agus seolfar cuireadh ríomhphoist chuig an duine sin an clárú EU Login a chur i gcrích. Teachtaireacht uathoibríoch chórais a bheidh sa chuireadh, gan tagairt ar bith don nós imeachta.
Sa rannán Ceangaltáin de chuid gach rannpháirtí, is féidir leat doiciméid an rannpháirtí arna n‑iarraidh ag an údarás conarthach a uaslódáil leis an tairiscint. Seiceáil na sonraíochtaí tairisceana chun a shainaithint cé na doiciméid nach mór a chur san áireamh le haghaidh gach rannpháirtí san aighneacht.
Cliceáil ar Críochnaithe agus tú réidh.
|
Cliceáil ar Ar aghaidh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
I nós imeachta a bhfuil baisceanna éagsúla ann, roghnaigh na baisceanna ar mhian leat tairiscint a chur isteach lena n‑aghaidh agus ansin cliceáil an cnaipe Ar Aghaidh.
|
Sa rannán seo ní mór duit méid do thairisceana a chur isteach (i gcás an chostais is ísle agus an mhodha dámhachtana praghsanna is ísle, agus sa chás sin amháin‑ déan cinnte de go n‑úsáideann tú an fhormáid chéanna agus atá sa sampla ar an scáileán) agus/nó a dheimhniú cé acu a chomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais atá sonraithe sna doiciméid soláthair nó nach gcomhlíonann.
Má dhearbhaíonn tú nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais, iarrfar ort míniú a thabhairt i mbosca téacs tiomnaithe. Léireofar sa tuarascáil aighneachta an dearbhú ar chomhlíonadh nó ar neamhchomhlíonadh, mar aon leis an míniú i gcás neamhchomhlíonta.
Tar éis cliceáil ar an gcnaipe Sábháil is féidir leat an tairiscint airgeadais a uaslódáil, agus an tairiscint theicniúil a uaslódáil má éilíonn an t‑údarás conarthach í i sonraíochtaí na tairisceana. Is féidir leat níos mó ná comhad amháin a uaslódáil mar thairiscint theicniúil/airgeadais.
Nuair a mheasann tú na sonraí tairisceana a bheith ceart agus an aighneacht a bheith comhlánaithe, cliceáil ar Ar Aghaidh. Ní bheidh an cnaipe sin gníomhach ach amháin má bhíonn na sonraí agus na doiciméid éigeantacha go léir curtha ar fáil.
|
Is é an córas a ghineann an tuarascáil aighneachta agus is cuid den aighneacht í an tuarascáil. Liostaítear sa tuarascáil na doiciméid uile a bhí san áireamh san aighneacht.
Is é eSubmission a ghineann an tuarascáil aighneachta go huathoibríoch agus a chuireann le d’aighneacht í. Is féidir leat amharc ar an tuarascáil ar an scáileán nó í a íoslódáil i gcomhair do chuid taifead féin (roimh an tairiscint a chur isteach). Ní gá an tuarascáil shínithe a shíniú ná a uaslódáil in eSubmission.
Tar éis duit amharc ar an tuarascáil aighneachta, má mheasann tú an aighneacht a bheith iomlán agus réidh le cur isteach, cliceáil ar Ar Aghaidh chun leanúint ar aghaidh.
|
Agus tú réidh le do thairiscint a chur isteach, cliceáil ar Cuir isteach. Taispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin duit.
Cliceáil Tá más mian leat a dheimhniú nach mbeidh tú in ann an aighneacht seo a athrú a thuilleadh .
Tabhair do d’aire nach gceadóidh an córas duit í a chur isteach má tá an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach istigh.
Nuair a fhágtar níos lú ná lá amháin go dtí an sprioc-am chun iarratas a dhéanamh, taispeánann eSubmission an líon uaireanta/nóiméad atá fágtha go dtí an sprioc-am.
Seolfar fógra ríomhphoist chuig seoladh ríomhphoist an Teagmhálaí atá luaite sa tairiscint (PCoCo) agus chuig an seoladh ríomhphoist (má tá sé difriúil) atá nasctha leis an gcuntas EU Login a úsáideadh chun an tairiscint a chur isteach (CoCo). Beidh nasc san fhógra ríomhphoist sin chuig an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ áit ar féidir teacht ar an Admháil Fála Aighneachta.
Tabhair do d’aire go gcuirfear scéala chuig úinéirí an PIC ar baineadh úsáid as san aighneacht.
|
Chun dul isteach i do spás príobháideach ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, ní mór duit tú féin a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as an gcnaipe Sínigh Isteach ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ atá ag barr an leathanaigh baile ar dheis (cuir isteach do EU Login agus do phasfhocal).
Faoin rannán Mo spás féin ar chlé feicfidh an PCoCo/CoCo na haighneachtaí faoin rannán Ionad Soláthair / Aighneachtaí.
Tá réimse cuardaigh ann freisin ar dheis os cionn liosta na n‑aighneachtaí.
I gcás gach aighneachta is féidir leis an PCoCo/CoCo an méid seo a leanas a fheiceáil: uimhir thagartha an nóis imeachta, aitheantas na haighneachta, dáta na gníomhaíochta is deireanaí a rinneadh, stádas na haighneachta (dréacht, curtha isteach, aistarraingthe, scriosta), an sprioc-am, an bhaisc (más infheidhme), teideal an nóis imeachta agus cineál an nóis imeachta.
Le cnaipe an roghchláir (trí phonc) ar an taobh deas de gach aighneacht (murar scriosadh an aighneacht) is féidir leis an PCoCo/CoCo gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, ag brath ar stádas na haighneachta.
I gcás aighneachtaí a bhfuil an stádas Dréacht leo:
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas Curtha isteach leo:
I gcás aighneachtaí a bhfuil an stádas Aistarraingthe leo:
I gcás aighneachtaí a bhfuil an stádas Scriosta leo:
Níl aon ghníomhaíocht ar fáil le haghaidh tairiscintí a bhfuil an stádas Scriosta leo. A luaithe a scriostar dréacht‑thairiscint, ní féidir leis an tairgeoir í a aisghabháil.