Cuirí agus aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’
Is é An Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ an pointe teagmhála aonair (an Limistéar Aonair um Shonraí Leictreonacha a Mhalartú) do rannpháirtithe agus do shaineolaithe i gcláir mhaoiniúcháin agus i dtairiscintí arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
Má éiríonn le d’iarraidh ar rannpháirtíocht sa chéad chéim den nós imeachta gheobhaidh tú fógra ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ agus iarrfar ort páirt a ghlacadh sa chéad chéim eile den nós imeachta.
Is chucu seo a leanas a sheolfar an fógra:
- seoladh ríomhphoist an Teagmhálaí a sonraíodh agus an iarraidh ar rannpháirtíocht á cur isteach (an Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo));
- an seoladh ríomhphoist (más éagsúil) atá nasctha leis an gcuntas EU Login a úsáideadh chun an iarraidh ar rannpháirtíocht a chur isteach (an Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo));
- seoladh ríomhphoist de chuid aon cheann de na Teagmhálaithe Comhordúcháin (CoCo) eile arna chur leis trí úsáid a bhaint as an gcnaipe gníomhaíochta ‘Bainistigh róil’ agus an iarraidh ar rannpháirtíocht a cur isteach.
Chun dul isteach i do spás príobháideach ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, ní mór duit tú féin a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as an gcnaipe Sínigh Isteach de An Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ atá ag barr an leathanaigh baile ar dheis (cuir isteach do EU Login agus do phasfhocal).
I do spás príobháideach ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Amharc ar do chuid cuirí chun tairisceana
- A chur in iúl go bhfuair tú cuireadh
- Rochtain a fháil ar na doiciméid soláthair shrianta
- Rochtain a fháil ar Cheisteanna agus Freagraí srianta
- Ceisteanna a chruthú agus a chur isteach le haghaidh chéim 2 den nós imeachta
- Tús a chur le haighneacht nua mar fhreagra ar chuireadh
- Dréacht‑aighneachtaí (tairiscintí) a fheiceáil, a chur in eagar nó a scriosadh
- Tairiscintí a cuireadh isteach a aistarraingt
- Do chuid Admhálacha Fála Aighneachta/Admhálacha Aistarraingthe (cruthúnas ar thairiscint a chur isteach/aistarraingt) a rochtain
- Róil a bhainistiú
- Fógraí a bhainistiú
Amharc ar chuireadh/cuirí
Ón roghchlár nascleanúna ar chlé gheobhaidh an PCoCo/CoCo an cuireadh/na cuirí le haghaidh chéim 2 faoin rannán Cuirí. Tá réimse cuardaigh ann freisin ar dheis os cionn liosta na gcuirí.
Le haghaidh gach cuiridh, feicfidh tú:
- uimhir thagartha an nós imeachta;
- an bhaisc (más infheidhme);
- an sprioc-am;
- stádas an chuiridh (faighte, admhaithe, dúnta;
- cineál an nós imeachta mar aon leis an gcéim (nósanna imeachta dhá chéim) nó an babhta (nósanna imeachta idirbheartaithe);
- teideal an nós imeachta;
Má chliceáiltear ar uimhir thagartha an nós imeachta nó ar an rogha Féach Sonraí tabharfar chuig leathanach sonraí an chuiridh inar féidir leat cliceáil ar Sonraí nó ar an rannóg Cuibhreannas .
An rannán ‘Sonraí’
Faoin rannán ‘Sonraí’ beidh tú in ann an méid a leanas a dhéanamh:
- Amharc ar shonraí an nós imeachta.
Faoin rannán ‘Eolas Ginearálta’ is féidir leat amharc ar an eolas a bhaineann leis an nós imeachta.
- Rochtain a fháil ar na doiciméid soláthair shrianta .
Faoin rannán ‘Doiciméid shrianta’, is féidir leis na hiarrthóirí a n‑iarrfar orthu amharc ar na doiciméid le haghaidh chéim 2 den nós imeachta. Má tá leagan nua den doiciméad foilsithe ag an údarás conarthach, beidh tú in ann gach leagan den doiciméad a fheiceáil. Tá an leagan is déanaí ar fáil ar an scáileán. Chun amharc ar leagan níos sine is féidir leat cliceáil ar an roghchlár anuas agus an leagan is mian leat a fheiceáil a roghnú.
Má tá an doiciméad ar fáil i dteanga eile, beidh an doiciméad aistrithe ar fáil duit le hamharc air freisin.
- Rochtain ar na Ceisteanna agus na Freagraí srianta.
Sa rannán seo, is féidir leat ceist a chur maidir le céim 2 den nós imeachta. Má chuireann an t‑údarás conarthach an freagra ar fáil go príobháideach, beidh sé le feiceáil faoin rannán ‘Mo cheisteanna agus freagraí’. Má thugtar an freagra do gach iarrthóir a dtugtar cuireadh dóibh chuig céim 2, beidh sé le feiceáil faoin rannán ‘Ceisteanna agus Freagraí Srianta’.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Conas ceist a chruthú agus a chur isteach ar an tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.
An rannán ‘Cuibhreannas’
Faoin rannán seo is féidir leat féachaint ar shonraí na heagraíochta a bhfuil an cuireadh seo seolta chuici (i gcás cuibhreannais taispeánfar comhaltaí uile an chuibhreannais).
Cliceáil ar an saighead chun na róil atá sannta don eagraíocht a fheiceáil. Cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil in Eagar Róil a bhainistiú:.
An rannán ‘Cuirí’
Maidir le gach cuireadh, is féidir leis an PCoCo/CoCo uimhir thagartha an nós imeachta, stádas an chuiridh (faighte, admhaithe), an sprioc-am, an bhaisc (más infheidhme), teideal an nós imeachta, cineál an nós imeachta agus an chéim a fheiceáil. Le cnaipe an roghchláir (trí phonc) den chuireadh/ aighneacht, cuirtear ar chumas PCoCo/CoCo gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas an chuiridh/na haighneachta.
I gcás cuirí a bhfuil stádas Faighte leo:
- Cur in iúl go bhfuarthas cuireadh : cliceáil anseo chun a dheimhniú go bhfuair tú an cuireadh tairiscint a chur isteach.
- Róil a bhainistiú : beidh tú in ann an rochtain ar do chuirí a fheiceáil agus a bhainistiú (e.g. daoine a chur leis/a bhaint de, daoine a bheidh in ann na gníomhaíochtaí ar a bhfuil cur síos anseo istigh a dhéanamh maidir le do chuirí).
- Féach sonraí: beidh tú in ann na sonraí a bhaineann leis an nós imeachta a fheiceáil.
I gcás cuirí a bhfuil stádas Admhaithe leo:
- Aighneacht nua a thosú : cliceáil chun tairiscint nua a chur isteach.
- Róil a bhainistiú : beidh tú in ann an rochtain ar do chuirí a fheiceáil agus a bhainistiú (e.g. daoine a chur leis/a bhaint de, daoine a bheidh in ann na gníomhaíochtaí ar a bhfuil cur síos anseo istigh a dhéanamh maidir le do chuirí).
Chun amharc ar na haighneachtaí a ghabhann le cuireadh agus iad a bhainistiú, cliceáil ar an nasc A ighneacht(aí). Le cnaipe an roghchláir (trí phonc) ar an taobh deas de gach aighneacht (murar scriosadh an aighneacht) is féidir leis an PCoCo/CoCo gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, ag brath ar stádas na haighneachta.
I gcás aighneachtaí a bhfuil an stádas Dréacht leo:
- Cuir in eagar: osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Is féidir leat d’aighneacht a chur in eagar in eSubmission anois.
- Amharc: osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Ní féidir an aighneacht a chur in eagar toisc go bhfuil tú ag amharc uirthi i mód inléite amháin.
- Scrios: scriosfar an dréacht‑aighneacht ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas Curtha isteach leo:
- Amharc ar an Admháil Fála: taispeánfar an admháil fála aighneachta.
- Aistarraingt (gné nach mbíonn ar fáil ach amháin roimh an sprioc-am le cur isteach): an chúis leis an aighneacht a aistarraingt a chur in iúl agus í a dheimhniú trí chliceáil ar an gcnaipe Aistarraingt. Agus aighneacht aistarraingthe agat, ní féidir leat amharc uirthi, í a chur in eagar, ná í a chur isteach arís.
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Aistarraingthe’ leo:
- Amharc ar an Admháil Aistarraingthe: taispeánfar an admháil aistarraingthe.
I gcás aighneachtaí a bhfuil an stádas Scriosta leo:
Níl aon ghníomhaíocht ar fáil le haghaidh tairiscintí a bhfuil an stádas Scriosta leo. A luaithe a scriostar dréacht‑thairiscint, ní féidir leis an tairgeoir í a aisghabháil.
Conas do thairiscint a ullmhú in eSubmission
Chun gur féidir tairiscint a chur isteach, ní mór don PCoCo/CoCo a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh chun tairisceana ar dtús:
- Aimsigh an nós imeachta in Cuirí ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.
- Sa roghchlár ‘Gníomhaíocht’ den nós imeachta, cliceáil ar ‘Cur in iúl go bhfuarthas cuireadh’ chun a dheimhniú go bhfuair tú an cuireadh. Cuirfear stádas ‘Admhaithe’ leis an gcuireadh.
Tar éis duit a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh, déanfar an PCoCo/CoCo a atreorú go huathoibríoch chuig eSubmission , áit ar féidir leat tús a chur le tairiscint a chur isteach trí chliceáil ar Aighneacht nua.
Dá mb’fhearr leat tús a chur le d’aighneacht níos déanaí:
- Logáil isteach in An Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ le cuntas EU Login an duine arna lua mar Theagmhálaí (PCoCo) san iarraidh ar rannpháirtíocht, nó, más éagsúil, i gcuntas EU Login an duine a úsáideadh chun an iarraidh ar rannpháirtíocht a chur isteach (CoCo) nó aon PCoCo/CoCo eile atá údaraithe trí fheidhmiúlacht ‘Bainistigh róil’ na Tairsí ‘Cistiú agus Tairiscintí’ ( chun tuilleadh eolais a fháil, féach an rannán Róil a bhainistiú sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ sa treoir seo).
- Téigh chuig Cuirí agus aimsigh an nós imeachta.
- Ó chnaipe an roghchláir (cliceáil ar na trí phonc) an nós imeachta, cliceáil ar Tosaigh aighneacht nua. Atreorófar tú ansin chuig eSubmission.
In eSubmission cliceáil ar Aighneacht nua chun aighneacht nua a thosú nó ar Tosaigh arís ar dhréacht chun filleadh ar dhréacht‑aighneacht a tosaíodh roimhe. Is féidir leat tosú arís ar do dhréacht ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ chomh maith (le haghaidh tuilleadh eolais féach an rannán Aighneachtaí a bhainistiú ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’sa treoir seo).
Nascleanúint a dhéanamh in eSubmission
Nuair a thosóidh tú d’aighneacht, beidh tomhsaire le feiceáil ag barr an scáileáin. Léiríonn an tomhsaire sin na céimeanna uile nach mór a dhéanamh sula gcuirfear do thairiscint isteach. Léireofar freisin cén chéim ar a bhfuil tú i láthair na huaire. Tráth ar bith le linn an phróisis aighneachta, is féidir leat a fheiceáil cé na doiciméid a uaslódáladh trí chliceáil ar an gcnaipe Doiciméid na haighneachta ar an taobh clé den scáileán.
|
Páirtithe
Sa chéim seo, ní féidir ach rannán an Teagmhálaí a chur in eagar.
Is féidir leis an úsáideoir a thosaíonn an aighneacht tairisceana é/í féin, nó duine eile, a chur in iúl mar Theagmhálaí (tá an t‑ainm réamhlíonta cheana féin). Mura bhfuil cuntas EU Login ag an duine sin, cruthófar cuntas sealadach EU Login go huathoibríoch, bunaithe ar sheoladh ríomhphoist an Teagmhálaí, agus seolfar cuireadh ríomhphoist chuig an duine sin an clárú EU Login a chur i gcrích. Teachtaireacht uathoibríoch chórais a bheidh sa chuireadh, gan tagairt ar bith don nós imeachta.
Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) don Teagmhálaí ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, agus tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) don úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí).
Cliceáil ar Ar aghaidh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
Sonraí tairisceana
Sa rannán seo ní mór duit méid do thairisceana a chur isteach ( i gcás an chostais is ísle agus an mhodha dámhachtana praghsanna is ísle, agus sa chás sin amháin - déan cinnte de go n‑úsáideann tú an fhormáid chéanna agus atá sa sampla ar an scáileán) agus/nó a dheimhniú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais atá sonraithe sna doiciméid soláthair.
Má dhearbhaíonn tú nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais, iarrfar ort míniú a thabhairt i mbosca téacs tiomnaithe. Léireofar i dtuarascáil na haighneachta an dearbhú ar chomhlíonadh nó ar neamhchomhlíonadh, agus ar an míniú i gcás neamhchomhlíonta.
Tar éis cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’ is féidir leat an tairiscint airgeadais a uaslódáil, agus an tairiscint theicniúil má éilíonn an t‑údarás conarthach í. Is féidir leat níos mó ná comhad amháin a uaslódáil mar thairiscint theicniúil/airgeadais.
Nuair a mheasann tú na sonraí tairisceana a bheith ceart agus an aighneacht a bheith comhlánaithe, cliceáil ar ‘Ar Aghaidh’. Ní bheidh an cnaipe sin gníomhach ach amháin má bhíonn na sonraí agus na doiciméid éigeantacha go léir curtha ar fáil.
|
Tuarascáil aighneachta
Is é an córas a ghineann an tuarascáil aighneachta agus is cuid den aighneacht í an tuarascáil. Liostaítear sa tuarascáil na doiciméid uile a bhí san áireamh san aighneacht.
Is é eSubmission a ghineann an tuarascáil aighneachta go huathoibríoch agus a chuireann le d’aighneacht í. Is féidir leat amharc ar an tuarascáil ar an scáileán nó í a íoslódáil do do thaifid féin (sula gcuirfidh tú an tairiscint isteach). Ní gá an tuarascáil shínithe a shíniú ná a uaslódáil in eSubmission.
Tar éis duit amharc ar an tuarascáil aighneachta, má mheasann tú an aighneacht a bheith iomlán agus réidh le cur isteach, cliceáil ar Ar Aghaidh chun leanúint ar aghaidh.
|
Do thairiscint a chur isteach
Agus tú réidh le do thairiscint a chur isteach, cliceáil ar ‘Cuir isteach’. Taispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin duit.
Cliceáil ar Tá más mian leat í a dheimhniú: ní bheidh tú in ann an aighneacht sin a mhodhnú a thuilleadh. Tabhair do d’aire nach gceadóidh an córas duit í a chur isteach má baineadh amach an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach cheana.
Seolfar fógra ríomhphoist chuig an seoladh ríomhphoist atá nasctha le cuntas EU Login an Phríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) agus chuig Teagmhálaí(Teagmhálaithe) Comhordúcháin (CoCo) uile a léirítear le haghaidh na tairisceana sin. Beidh nasc san fhógra ríomhphoist sin chuig an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ áit ar féidir teacht ar an Admháil Fála Aighneachta.
|
Fógraí a bhainistiú ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’
An ról Príomh‑Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) don chuireadh sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’; tugtar é don Teagmhálaí a luaitear san iarraidh ar rannpháirtíocht (céim 1). Faigheann an t‑úsáideoir a chuireann an iarraidh isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí san iarraidh) an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) chun an iarraidh agus an cuireadh a chur isteach, mura rud é gur bhain an PCoCo/CoCo eile an ról maidir leis an iarraidh a chur isteach sa tréimhse idir oscailt na n‑iarrataí ag an údarás conarthach agus fáil an chuiridh le haghaidh chéim 2.
Ar an gcaoi chéanna, faigheann an Teagmhálaí a luaitear sa tairiscint (céim 2) in eSubmission an ról mar Phríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) chun an tairiscint a chur isteach . Gheobhaidh PCoCo an chuiridh agus an t‑úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach, murab ionann é agus an Teagmhálaí sa tairiscint, an ról mar Theagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) chun an tairiscint a chur isteach.
Is féidir Teagmhálaí/Teagmhálaithe Comhordúcháin (CoCo) breise maidir le cur isteach na hiarrata, an chuiridh agus na haighneachta a chur leis nó a bhaint tríd an gcnaipe Bainistigh Róil (féach thíos).
Tabhair do d’aire nach féidir ach PCoCo amháin a bheith ann le haghaidh gach cuiridh nó aighneachta. Ní féidir an PCoCo a bhíonn ag plé le cur isteach na hiarrata (céim 1) nó chur isteach na tairisceana (céim 2) a ionadú ná a bhaint.
Ní féidir ach leis na daoine seo a leanas an PCoCo an chuiridh a ionadú (ach ní é a bhaint):
- LEAR/Riarthóir Cuntais (má cheaptar thú le haghaidh d’eagraíochta, féach anseo);
- an PCoCo atá ann faoi láthair (tar éis an ionadaithe, ní féidir leis an PCoCo sin rochtain a fháil ar an gcuireadh a thuilleadh);
- aon CoCo don chuireadh.
Chun róil a chur le haighneacht nó le cuireadh nó iad a bhaint díobh, lean na céimeanna thíos:
1 | Faoi chnaipe an roghchláir (trí phonc) maidir le ceart na haighneachta nó an chuiridh, cliceáil ar an rogha Bainistigh Róil. |
2 | Cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil in Eagar. |
3 | Chun PCoCo an chuiridh a athrú nó CoCo breise a chur leis an aighneacht nó leis an gcuireadh, cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil leis.
Cuir isteach na sonraí teagmhála agus cliceáil ar Sábháil.
Má chuirtear cuireadh in ionad an PCoCo, gheobhaidh an duine a cheapfaidh an PCoCo nua teachtaireacht deimhniúcháin tar éis dó cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’.
Taispeántar na sonraí den CoCo arna chur leis faoi Róil le haghaidh na heagraíochta.
|
4 | Chun CoCo a scriosadh, cliceáil íocón an scriosta in aice lena ainm. Ní féidir PCoCo an chuiridh a scriosadh, ach is féidir é a ionadú.
|
Babhta/babhtaí ina dhiaidh sin le haghaidh nósanna imeachta iomaíocha le idirbheartaíocht agus comhpháirtíochtaí nuálaíochta
Ní bhaineann an rannán seo ach le nósanna imeachta iomaíocha lena mbaineann comhpháirtíochtaí idirbheartaíochta agus nuálaíochta ag a bhfuil níos mó ná aon bhabhta idirbheartaíochta i gcéim a dó.
Má chinneann an t‑údarás conarthach cuireadh a thabhairt duit tairiscint leasaithe a chur isteach trí eSubmission, gheobhaidh an PCoCo/CoCo fógra ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.
Chun tairiscint leasaithe a chur isteach, ní mór don PCoCo/CoCo a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh. Tar éis dó a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh, déanfar an PCoCo/CoCo a atreorú go huathoibríoch chuig eSubmission, áit ar féidir tús a chur le tairiscint leasaithe a chur isteach trí chliceáil ar ‘Aighneacht nua’. Chun a fháil amach conas tairiscint athbhreithnithe a chur isteach sa bhabhta/sna babhtaí ina dhiaidh sin, féach an Treoir thapa maidir le nósanna imeachta idirbheartaithe - Babhta 2 / babhta(í) ina dhiaidh sin.
























