Cuirí agus aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’
Má chinneann an t‑údarás conarthach cuireadh a thabhairt duit tairiscint athbhreithnithe a chur isteach, gheobhaidh tú:
Seolfar an fógra agus an ríomhphost cuiridh chuig:
Is féidir rochtain a fháil ar na fógraítríd an rannán Fógraí den Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.
Sa ríomhphost cuiridh, gheobhaidh tú nasc a thabharfaidh chuig an rannán Cuirí thú ar an tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ - ní mór duit síniú isteach le do EU Login. Mura bhfuil cuntas EU Login agat go fóill, cruthófar go huathoibríoch duit é ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’. Féach an míniú mionsonraithe anseo.

Ón roghchlár nascleanúna ar chlé, gheobhaidh tú an cuireadh/na cuirí faoin rannán Cuirí. Tá réimse cuardaigh ann freisin ar dheis os cionn liosta na gcuirí.
Is éard a bheidh sa chuireadh chun tairiscint athbhreithnithe a chur isteach le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin cuireadh ar leith faoin rannán ‘Cuirí’. Ní bheidh sé ina chuid den chuireadh a chuirfear chuig an mbabhta tosaigh ná chuig babhta(í) ina dhiaidh sin (más ann dó(dóibh)) don nós imeachta. Beidh a shonraí agus a dhoiciméid féin (más ann dóibh) ag an gcuireadh sin chomh maith le nasc nua aighneachta faoi chnaipe roghchlár an chuiridh (trí phonc). Níl doiciméid na gcuirí roimhe seo san áireamh sa chuireadh nua - is féidir féachaint orthu fós sna cuirí roimhe seo.
Beidh tú in ann sonraí agus doiciméid an chuiridh a fheiceáil sa rannán Cuirí.

Má chliceáiltear ar uimhir thagartha an nós imeachta nó ar an rogha Féach Sonraí tabharfar chuig leathanach sonraí an chuiridh inar féidir leat cliceáil ar Sonraí nó ar an rannóg Cuibhreannas.
An rannán ‘Sonraí’
Faoin rannán ‘Sonraí’ beidh tú in ann an méid a leanas a dhéanamh:
Amharc ar shonraí nós imeachta


Má tá roinnt leaganacha de dhoiciméad ann, feicfidh tú an leagan is déanaí ar an scáileán. Chun amharc ar leagan níos sine, cliceáil ar an roghchlár anuas agus an leagan is mian leat a fheiceáil a roghnú. Is féidir leat féachaint freisin ar na haistriúcháin atá ar fáil (más ann dóibh).


Má chuireann an t‑údarás conarthach an freagra ar fáil go príobháideach, beidh sé le feiceáil faoin rannán ‘Mo cheisteanna agus freagraí’. Má thugtar an freagra do gach iarrthóir a dtugtar cuireadh dóibh, beidh sé le feiceáil faoin rannán ‘Ceisteanna agus Freagraí Srianta’. Chun tuilleadh eolais a fháil féach Conas ceist a chruthú agus a chur isteach ar an tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ .
Ní féidir an aighneacht a dhéanamh ach amháin ón rannán ‘Cuirí’. Ní féidir tairiscint/tairiscintí a chur isteach ó leathanach sonraí nós imeachta.
An rannán ‘Cuibhreannas’
Faoin rannán seo is féidir leat féachaint ar shonraí na heagraíochta a bhfuil an cuireadh seo seolta chuici (i gcás cuibhreannais taispeánfar comhaltaí uile an chuibhreannais).

Cliceáil ar an saighead
chun na róil atá sannta don eagraíocht a fheiceáil. Cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil in Eagar chun Róil a Bhainistiú.

An rannán ‘Cuirí’
Maidir le gach cuireadh, is féidir leat uimhir thagartha an nós imeachta, stádas an chuiridh (faighte, admhaithe), an sprioc-am, an bhaisc (más infheidhme), teideal an nós imeachta, cineál an nós imeachta agus an chéim a fheiceáil. Le cnaipe an roghchláir (trí phonc)
den chuireadh/ aighneacht, is féidir leat gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas an chuiridh/na haighneachta.
I gcás cuirí a bhfuil stádas Faighte leo:

I gcás cuirí a bhfuil stádas Admhaithe leo:

Má thosaigh tú ag ullmhú aighneachta nó má chuir tú aighneacht isteach cheana féin, feicfidh tú an nasc Aighneacht/Aighneachtaí.

Le cnaipe an roghchláir (trí phonc)
ar an taobh deas de gach aighneacht is féidir leat gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas na haighneachta.
I gcás aighneachtaí a bhfuil an stádas Dréacht leo:

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas Curtha isteach leo:

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Aistarraingthe’ leo:

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Scriosta’ leo:

Chun tairiscint leasaithe a chur isteach do bhabhta ina dhiaidh sin, ní mór do PCoCo/CoCo a chur in iúl ar dtús go bhfuarthas an cuireadh:

Tar éis duit a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh, déanfar tú a atreorú go huathoibríoch chuig eSubmission, áit ar féidir leat tús a chur le tairiscint a chur isteach trí chliceáil ar ‘Aighneacht nua’.
Dá mb’fhearr leat tús a chur le d’aighneacht níos déanaí:

In eSubmission cliceáil ar Aighneacht nua chun aighneacht nua a thosú nó ar Tosaigh arís ar dhréacht chun filleadh ar dhréacht‑aighneacht a tosaíodh roimhe.
Nuair a thosóidh tú d’aighneacht, beidh tomhsaire le feiceáil ag barr an scáileáin. Léiríonn an tomhsaire sin na céimeanna uile nach mór a dhéanamh sula gcuirfear do thairiscint isteach. Léireofar freisin cén chéim ar a bhfuil tú i láthair na huaire. Tráth ar bith le linn an phróisis aighneachta, is féidir leat a fheiceáil cé na doiciméid a uaslódáladh trí chliceáil ar an gcnaipe Doiciméid na haighneachta ar an taobh clé den scáileán.

|

Sa chéim seo, ní féidir ach rannán an Teagmhálaí a chur in eagar.
Is féidir leis an úsáideoir a thosaíonn an tairiscint in eSubmission é/í féin, nó duine eile, a chur in iúl mar Theagmhálaí (tá an t‑ainm réamhlíonta cheana féin). Mura bhfuil cuntas EU Login ag an duine sin, cruthófar cuntas sealadach EU Login go huathoibríoch, bunaithe ar sheoladh ríomhphoist an Teagmhálaí, agus seolfar cuireadh ríomhphoist chuig an duine sin an clárú EU Login a chur i gcrích. Teachtaireacht uathoibríoch chórais a bheidh sa chuireadh, gan tagairt ar bith don nós imeachta.
Faigheann an Teagmhálaí an ról PCoCoar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, agus faigheann an t‑úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach an ról CoCo(murab ionann é agus an Teagmhálaí).
Cliceáil ar Ar aghaidh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

Sa rannán seo ní mór duit méid do thairisceana a chur isteach (i gcás an chostais is ísle agus mhodh dámhachtana an phraghais is ísle agus sa chás sin amháin; trí úsáid a bhaint as an bhformáid chéanna atá sa sampla ar an scáileán) agus/nó a dheimhniú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais atá sonraithe sna doiciméid soláthair.

Má dhearbhaíonn tú nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais, iarrfar ort míniú a thabhairt i mbosca téacs tiomnaithe. Léireofar i dtuarascáil na haighneachta an dearbhú ar chomhlíonadh nó ar neamhchomhlíonadh, agus ar an míniú i gcás neamhchomhlíonta.
Tar éis cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’ is féidir leat an tairiscint airgeadais a uaslódáil, agus an tairiscint theicniúil má éilíonn an t‑údarás conarthach í in sonraíochtaí na tairisceana. Is féidir leat níos mó ná comhad amháin a uaslódáil mar thairiscint theicniúil/airgeadais.
Nuair a mheasann tú na sonraí tairisceana a bheith ceart agus an aighneacht a bheith comhlánaithe, cliceáil ar ‘Ar Aghaidh’. Ní bheidh an cnaipe sin gníomhach ach amháin má bhíonn na sonraí agus na doiciméid éigeantacha go léir curtha ar fáil.
|

Is é an córas a ghineann an tuarascáil aighneachta agus is cuid den aighneacht í an tuarascáil. Liostaítear sa tuarascáil na doiciméid uile atá san áireamh leis an aighneacht. Is é eSubmission a ghineann an tuarascáil aighneachta go huathoibríoch agus a chuireann le d’aighneacht í. Is féidir leat amharc ar an tuarascáil ar an scáileán nó í a íoslódáil do do thaifid féin (sula gcuirfidh tú an tairiscint isteach). Ní gá an tuarascáil shínithe a shíniú ná a uaslódáil in eSubmission.
Tar éis duit amharc ar an tuarascáil aighneachta, má mheasann tú an aighneacht a bheith iomlán agus réidh le cur isteach, cliceáil Ar Aghaidh chun leanúint ar aghaidh.
|

Agus tú réidh le do thairiscint a chur isteach, cliceáil ar ‘Cuir isteach’. Taispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin duit.

Cliceáil Tá más mian leat é a dheimhniú: ní bheidh tú in ann an aighneacht sin a mhodhnú a thuilleadh. Tabhair do d’aire nach gceadóidh an córas duit í a chur isteach má baineadh amach an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach cheana.
Seolfar fógra ríomhphoist chuig an seoladh ríomhphoist atá nasctha le cuntas EU Login an Phríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) agus chuig Teagmhálaí/Teagmhálaithe Comhordúcháin (CoCo) uile a léirítear le haghaidh na tairisceana sin. Beidh nasc san fhógra ríomhphoist sin chuig an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ áit ar féidir teacht ar an Admháil Fála Aighneachta.
|
Tugtar ról an Phríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) le haghaidh an chuiridh don chuntas EU Login atá nasctha leis an seoladh ríomhphoist ar seoladh an cuireadh chuige . Tríd an gcnaipe ‘Bainistigh Róil’ (féach thíos), is féidir le PCoCo daoine eile óna n‑eagraíocht a chur leis an gcuireadh mar Theagmhálaí Comhordúcháin (Teagmhálaithe Comhordúcháin) (CoCo).
Faigheann an Teagmhálaí a luaitear sa tairiscint leasaithe in eSubmission an ról Príomh‑Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) le haghaidh na haighneachta agus an cuireadh le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin. Faigheann an t‑úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí san aighneacht) an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) le haghaidh na haighneachta agus an cuireadh le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin, mura rud é gur bhain PCoCo/CoCo eile an ról den aighneacht sa tréimhse idir oscailt na tairisceana ag an údarás conarthach agus fáil an chuiridh le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin.
Is féidir le PCoCo nó CoConna na míre faoi seach (cuireadh nó aighneacht) na gníomhaíochtaí uile a bhfuil tuairisc orthu thuas a dhéanamh (féach rannán ‘Cuirí’). Tabhair do d’aire nach féidir ach PCoCo amháin a bheith ann le haghaidh gach cuiridh nó aighneachta.
Chun róil a shainiú/a bhaint d’aighneacht, lean na céimeanna thíos:
1. | Faoi chnaipe an roghchláir (trí phonc) ar an taobh deas d’aighneacht na tairisceana tosaigh, cliceáil ar an rogha Bainistigh Róil.
|
2. | Cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil in Eagar.
|
3. | Chun CoCo nua a chur isteach, cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil isteach.
Cuir isteach na sonraí teagmhála agus cliceáil ar Sábháil.
Taispeántar na sonraí den CoCo arna chur leis faoi Róil le haghaidh na heagraíochta.
|
4. | Chun CoCo a scriosadh, cliceáil íocón an scriosta in aice lena ainm.
|
Na CoConna a cuireadh isteach mar a dtugtar tuairisc orthu thuas tar éis don údarás conarthach cuireadh a sheoladh le haghaidh idirbheartaíochta ina diaidh sin, ní bheidh siad in ann tairiscint a chur isteach sa bhabhta sin. Na PCoCo/CoConna a fuair an cuireadh nó na CoConna a cuireadh isteach tríd an gcnaipe gníomhaíochta ‘Bainistigh Róil’ ar an gcuireadh, is iadsan amháin a bheidh in ann tairiscint a chur isteach.