You are viewing an old version of this page. View the current version.

Compare with Current View Page History

« Previous Version 9 Next »

Eolaí le haghaidh nósanna imeachta idirbheartaithe – Babhta 2/babhta(í) ina dhiaidh sin

(nósanna imeachta idirbheartaithe agus nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht gan foilsiú)

Tús a chur leis

Baineann an tEolaí seo le babhta ar bith ina dhiaidh sin de na nósanna imeachta idirbheartaithe agus nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht gan foilsiú inar iarr an t-údarás conarthach ort tairiscint leasaithe a chur isteach trí eSubmission (tabhair do d’aire go bhféadfadh an t-údarás conarthach cinneadh a dhéanamh gan iarraidh ort do thairiscint a leasú nó gan iarraidh ort do thairiscint leasaithe a chur isteach lasmuigh de eSubmission).   Na hEolaithe maidir le tairiscintí tosaigh a chur isteach sna nósanna imeachta idirbheartaithe, chomh maith leis na heolaithe le haghaidh na nósanna imeachta soláthair eile, is féidir breathnú orthu sin ar vicí Ríomhsholáthair na Tairsí Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

I do cháil mar oibreoir eacnamaíoch, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Do fhreagra ar nós imeachta a sheol institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh a ionchódú
  • Aighneachtaí a chur isteach ar bhealach slán
  • Féachaint ar dhréacht sábháilte nó tosú arís air
  • Dréacht-aighneacht a scriosadh
  • Cruthúnas a fháil gur cuireadh isteach é (Admháil Fála Aighneachta) (Submission Receipt)
  • Aighneacht a aistarraingt roimh an teorainn ama chun aighneachtaí a fháil
  • Cruthúnas ar aistarraingt a fháil (Admháil Aistarraingthe) (Withdrawal Receipt)

Déan deimhin de go léann tú na Ceanglais Chórais.

Tá siad le fáil ar leathanach tosaigh fheidhmchlár eSubmission agus i rannán na gceangaltán ar leathanach na bPáirtithe.

Cén dóigh ar féidir liom cabhair theicniúil a fháil?

Má tá cabhair de dhíth ort is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann tacaíochta ón 08:00 go dtí 20:00 (Am Lár na hEorpa/Am Samhraidh Lár na hEorpa).

  ec-funding-tender-service-desk@ec.europa.eu

+32 (0) 229 71063

(info) Is i mBéarla amháin a fheidhmíonn an fhoireann tacaíochta.

Conas do thairiscint a ullmhú in eSubmission

Má chinneann an t-údarás conarthach cuireadh a thabhairt duit tairiscint leasaithe a chur isteach, gheobhaidh tú fógra ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

Is chucu seo a leanas a sheolfar an fógra:

  • seoladh ríomhphoist an Teagmhálaí a sonraíodh agus an tairiscint dheireanach á cur isteach (an Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (Primary Coordinator Contact) (PCoCo));
  • seoltaí ríomhphoist na ndaoine go léir ag a bhfuil an ról ‘Teagmhálaí Comhordúcháin’ (Coordinator Contacts) (CoCo) tráth atá an cuireadh á sheoladh, i.e. gur tugadh an ról CoCo dóibh ar cheann de na bealaí seo a leanas agus nár baineadh an ról díobh tríd an bhfeidhm ‘Róil a bhainistiú’ idir an dá linn:
    • aon Teagmhálaí a cuireadh in iúl i dtairiscintí a cuireadh isteach roimhe seo seachas an ceann deireanach;
    • aon teagmhálaí ar úsáideadh a c(h)untas EU Login chun an chéad tairiscint a chur isteach, chomh maith le haon tairiscint leasaithe a chur isteach;
    • aon teagmhálaí a cuireadh leis trí úsáid a bhaint as ‘Róil a bhainistiú’.

Is féidir teacht ar na fógraí freisin sa spás ‘Mo chuid fógraí’ (My notifications)sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

Chun tairiscint leasaithe a chur isteach le haghaidh babhta ina dhiaidh sin, ní mór don PCoCo/CoCo. a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh ar dtús:

  • Aimsigh an nós imeachta in  (My Invitations) Mo chuid Cuiríar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.
  • Sa roghchlár ‘Gníomhaíocht’ den nós imeachta, cliceáil ar ‘Cur in iúl go bhfuarthas cuireadh’ (Acknowledge Receipt) chun a dheimhniú go bhfuair tú an cuireadh. Cuirfear stádas ‘Admhaithe’ (Acknowledged) leis an gcuireadh.

Tar éis duit a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh, atreorófar thú go huathoibríoch chuig eSubmission, áit ar féidir tús a chur le tairiscint a chur isteach trí chliceáil ar ‘Aighneacht nua’ (New submission).

Dá mb’fhearr leat tús a chur le d’aighneacht níos déanaí:

  • Logáil isteach sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí trí úsáid a bhaint as cuntas EU Login an duine atá luaite mar Theagmhálaí (PCoCo) sa tairiscint nó, más éagsúil, cuntas EU Login an duine a úsáideadh chun an tairiscint a chur isteach (CoCo) nó aon CoCo eile a údaraíodh trí fheidhm ‘Bainistigh róil’ na Tairsí Maoiniúcháin agus Tairiscintí (chun níos mó eolais a fháil féach an rannán Róil a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí san Eolaí seo).
  • Gabh chuig (My Invitations)Mo chuid Cuiríagus aimsigh an nós imeachta.
  • Ón roghchlár ‘Gníomhaíocht’ (Action) den nós imeachta, cliceáil ar Tosaigh aighneacht nua (Start new submission). Atreorófar tú ansin chuig eSubmission.

In eSubmission cliceáil ar Aighneacht nua (New submission) chun aighneacht nua a thosú, nó ar Tosaigh arís ar dhréacht (Resume draft) chun filleadh ar dhréachtaighneacht a tosaíodh roimhe. Is féidir leat tosú arís ar do dhréacht ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí chomh maith (le haghaidh tuilleadh eolais féach an rannán Aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí san eolaí seo).

Nascleanúint a dhéanamh in eSubmission 

Nuair athosaíonn túd’aighneacht, beidh tomhsaire le feiceáil ag barr an scáileáin. Léiríonn an líne sin na céimeanna uile nach mór a dhéanamh sula gcuirfear do thairiscint isteach. Léireofar freisin cén chéim ar a bhfuil tú i láthair na huaire.

Tráth ar bith le linn an phróisis aighneachta, is féidir leat a fheiceáil cé na doiciméid a uaslódáladh trí chliceáil ar an gcnaipe Doiciméid na haighneachta ar an taobh clé den scáileán.

(warning) Ní chuirfear aon ní isteach chuig an údarás conarthach go dtí go gcliceálfaidh tú an cnaipe Cuir isteach ag deireadh an phróisis aighneachta.


Páirtithe

Sa chéim seo, ní féidir ach rannán an Teagmhálaí a chur in eagar.

Is féidir leis an úsáideoir a thosaíonn an tairiscint in eSubmission é/í féin, nó duine eile, a chur in iúl mar Theagmhálaí (tá an t-ainm réamhlíonta cheana féin). Mura bhfuil cuntas EU Login ag an duine eile sin, cruthófar cuntas sealadach EU Login go huathoibríoch, bunaithe ar sheoladh ríomhphoist an Teagmhálaí, agus seolfar cuireadh ríomhphoist chuig an duine sin chun an clárú EU Login a chur i gcrích. Teachtaireacht uathoibríoch córais a bheidh sa chuireadh, gan tagairt ar bith don nós imeachta.

Tugtar an ról PCoCo don Teagmhálaí sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí agus tugtar an ról CoCo don úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí). 

Cliceáil Ar aghaidh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.


Sonraí tairisceana

Sa rannán sin ní mór duit suim do thairisceana a chur isteach (i gcás an chostais is ísle agus an mhodha dámhachtana praghsanna is ísle, agus sa chás sin amháin; trí úsáid a bhaint as an bhformáid chéanna mar atá sa sampla ar an scáileán) agus/nó deimhniú a dhéanamh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais atá sonraithe sna doiciméid soláthair.

Má dhearbhaíonn tú nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais, iarrfar ort míniú a thabhairt i mbosca téacs tiomnaithe. Léireofar i dtuarascáil na haighneachta an dearbhú ar chomhlíonadh nó ar neamhchomhlíonadh, agus ar an míniú i gcás neamhchomhlíonta.

Tar éis cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’ is féidir leat an tairiscint airgeadais a uaslódáil, agus an tairiscint theicniúil má éilíonn an t-údarás conarthach í. Is féidir leat níos mó ná comhad amháin a uaslódáil mar thairiscint theicniúil/airgeadais. 

Nuair a mheasann tú na sonraí tairisceana a bheith ceart agus an aighneacht a bheith comhlánaithe, cliceáil ar ‘Ar Aghaidh’. Ní bheidh an cnaipe sin gníomhach ach amháin má bhíonn na sonraí agus na doiciméid éigeantacha go léir curtha ar fáil.

(warning) Ag an gcéim sin, níl do dhréacht-thairiscint, ná do chuid doiciméad uile, curtha isteach go fóill.


Tuarascáil aighneachta

Is é an córas a ghineann an tuarascáil aighneachta agus is cuid den aighneacht í an tuarascáil. Liostaítear sa tuarascáil na doiciméid uile a bhí san áireamh san aighneacht.

Is é eSubmission a ghineann an tuarascáil aighneachta go huathoibríoch agus a chuireann le d’aighneacht í. Is féidir leat amharc ar an tuarascáil ar an scáileán nó í a íoslódáil do do thaifid féin (sula gcuirfidh tú an tairiscint isteach). Ní gá an tuarascáil shínithe a shíniú ná a uaslódáil in eSubmission.

Tar éis duit amharc ar an tuarascáil aighneachta, má mheasann tú an aighneacht a bheith iomlán agus réidh le cur isteach, cliceáil Ar Aghaidh chun leanúint ar aghaidh.

(warning) Ní cruthúnas aighneachta atá sa tuarascáil aighneachta. Níor chuir tú isteach go fóill í. Lean ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile agus cliceáil Cuir isteach chun an aighneacht a chur i gcrích.


Do thairiscint a chur isteach

Agus tú réidh le do thairiscint a chur isteach, cliceáil Cuir isteachTaispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin duit.

Cliceáil más mian leat é a dheimhniú: ní bheidh tú in ann an aighneacht sin a mhodhnú a thuilleadh.

Tabhair do d’aire nach gceadóidh an córas duit í a chur isteach má baineadh amach an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach cheana.

Seolfar fógra ríomhphoist chuig an seoladh ríomhphoist atá nasctha le cuntas EU Login an Phríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) agus chuig na Teagmhálaithe Comhordúcháin uile (CoCo) a luaitear leis an tairiscint sin. Beidh nasc san fhógra ríomhphoist sin chuig an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí áit ar féidir teacht ar an Admháil Fála Aighneachta. 

(warning) Is cruthúnas atá san Admháil Fála Aighneachta gur comhlíonadh an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach.



Fógraí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí 

Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (Primary Coordinator Contact) (PCoCo) don Teagmhálaí a luaitear i dtairiscint leasaithe in eSubmission chun an tairiscint leasaithe a chur isteach sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí. Ní féidir ach Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin amháin a bheith ann in aghaidh gach aighneachta.

Tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (Coordinator Contact) (CoCo) don úsáideoir a chuireann isteach an tairiscint leasaithe (murab ionann é agus an Teagmhálaí).

Is féidir Teagmhálaí/Teagmhálaithe Comhordúcháin breise (Coordinator Contact(s)) (CoCo) a chur leis nó a bhaint de sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí tar éis don údarás conarthach na tairiscintí leasaithe a oscailt agus (más infheidhme) sula seolann sé na cuirí le haghaidh babhta idirbheartaíochta ina dhiaidh sin:

  • Faoin roghchlár anuas ‘Gníomhaíocht’ (Action) ar an taobh deas den tairiscint leasaithe, cliceáil ar an rogha ‘Bainistigh Róil’ (Manage Roles). Ní bheidh an rogha sin le feiceáil ach amháin tar éis don údarás conarthach na tairiscintí leasaithe a oscailt.

  • Cliceáil an cnaipe ‘Cuir Róil in Eagar’ (Edit Roles).

  • Chun CoCo nua a chur leis, cliceáil an cnaipe ‘Cuir Róil leis’ (Add Roles).

Chun CoCo a scriosadh (delete), cliceáil íocón an scriosta in aice lena (h)ainm.

  • Cuir isteach sonraí an duine atá le cur leis mar CoCo agus cliceáil an cnaipe  OK.

(info)  Na CoConna a cuireadh leis mar a luaitear thuas tar éis don údarás conarthach cuireadh a sheoladh le haghaidh babhta idirbheartaíochta ina dhiaidh sin, ní bheidh siad in ann tairiscint a chur isteach sa bhabhta sin. Na PCoCo/CoConna a fuair an cuireadh, nó na CoConna a cuireadh leis tríd an gcnaipe gníomhaíochta ‘Bainistigh Róil’ ar an gcuireadh, is iadsan amháin a bheidh in ann tairiscint a chur isteach.


Aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí

Is í an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí an pointe teagmhála aonair (an Limistéir Aonair um Shonraí Leictreonacha a Mhalartú) do rannpháirtithe agus do shaineolaithe i gcláir mhaoinithe agus i dtairiscintí arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

I do spás príobháideach ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Amharc ar do chuid cuirí chun tairisceana
  • A chur in iúl go bhfuair tú cuireadh
  • Tús a chur le haighneacht nua mar fhreagra ar chuireadh
  • Dréacht-aighneachtaí (tairiscintí) a fheiceáil, a chur in eagar nó a scriosadh
  • Tairiscintí a cuireadh isteach a aistarraingt
  • Do chuid Admhálacha Fála Aighneachta/Admhálacha Aistarraingthe (cruthúnas ar thairiscint a chur isteach/aistarraingt) a rochtain (Submission/Withdrawal Receipts)
  • Róil a bhainistiú

Chun dul isteach i do spás príobháideach den Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí, ní mór don PCoCo/CoCo é/í féin a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as an gcnaipe Logáil Isteach ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí ag barr an leathanaigh baile ar dheis (cuir isteach do EU Login agus do phasfhocal).

Amharc ar chuireadh/cuirí

Faoin rannán Bainistigh mo spás féin (Manage my area) ar chlé, gheobhaidh an Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) agus na Teagmhálaithe Comhordúcháin uile (CoCo) an cuireadh/na cuirí le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin faoin rannán Mo chuid Cuirí (My Invitation(s)). Tá réimse cuardaigh ann freisin ar dheis os cionn liosta na gcuirí.

An rannán ‘Mo chuid Cuirí’

I gcás gach cuiridh, is féidir leis an PCoCo/CoCo an méid seo a leanas a fheiceáil: uimhir thagartha an nóis imeachta, aitheantas na haighneachta, sprioc-am na haighneachta, dáta na gníomhaíochta is deireanaí a rinneadh agus stádas an chuiridh (faighte, dúnta), teideal an nóis imeachta, cineál an nóis imeachta agus an babhta.

Leis an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ (Action) is féidir leis an PCoCo/CoCo na gníomhaíochta seo a leanas a dhéanamh in aghaidh an chuiridh agus stádas na haighneachta.

I gcás cuirí a bhfuil stádas Faighte (Received) leo:

  • Cur in iúl go bhfuarthas cuireadh (Acknowledge Receipt): cliceáil anseo chun a dheimhniú go bhfuair tú an cuireadh tairiscint a chur isteach.
  • Róil a bhainistiú (Manage Roles):  beidh tú in ann an rochtain ar do chuirí a fheiceáil agus a bhainistiú (e.g. daoine a chur leis/a bhaint de, daoine a bheidh in ann na gníomhaíochtaí ar a bhfuil cur síos anseo istigh a dhéanamh maidir le do chuirí).

I gcás cuirí a bhfuil stádas Admhaithe (Acknowledged) leo:

  • Aighneacht nua a thosú (Start New Submission): cliceáil chun tairiscint nua a chur isteach.
  • Róil a bhainistiú (Manage Roles):  beidh tú in ann an rochtain ar do chuirí a fheiceáil agus a bhainistiú (e.g. daoine a chur leis/a bhaint de, daoine a bheidh in ann na gníomhaíochtaí ar a bhfuil cur síos anseo istigh a dhéanamh maidir le do chuirí).

Chun na haighneachtaí a ghabhann le cuireadh a fheiceáil agus a bhainistiú, cliceáil ar an nasc ‘Aighneachtaí’ (Submission(s)).
Leis an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ (Action) ar an taobh deas de gach aighneacht (murar scriosadh an aighneacht), is féidir leis an PCoCo/CoCo gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar an stádas.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Dréacht’ (Draft) leo:

      • Cuir in eagar (Edit): osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Is féidir leat d’aighneacht a chur in eagar in eSubmission ansin.
      • Amharc (View):  Osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Ní féidir an aighneacht a chur in eagar toisc go bhfuil tú ag amharc uirthi i mód inléite amháin. 
      • Scrios (Delete) scriosfar an dréachtaighneacht ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Curtha isteach’ (Submitted) leo:

      • Amharc ar an Admháil Fála (View Receipt): taispeánfar an admháil fála aighneachta.
      • Aistarraingt (Withdraw) (gné nach mbíonn ar fáil ach amháin roimh an sprioc-am le cur isteach):  an chúis leis an aighneacht a aistarraingt a chur in iúl agus í a dheimhniú trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Aistarraingt’. Agus aighneacht aistarraingthe agat, ní féidir leat amharc uirthi, í a chur in eagar, ná í a chur isteach arís.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Aistarraingthe’ (Withdrawn) leo:

      • Amharc ar an Admháil Aistarraingthe (View Withdrawal Receipt): taispeánfar an admháil aistarraingthe.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Scriosta’ (Deleted) leo:
Ní bhíonn an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ ar fáil i gcás na dtairiscintí a bhfuil an stádas ‘Scriosta’ (Deleted) leo. A luaithe a scriostar dréacht-thairiscint, ní féidir leis an tairgeoir í a aisghabháil. 

Fógraí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí 

Mo chuid fógraí

Féadfaidh an PCoCo/CoCo rochtain a fháil ar an leathanach sin trí chliceáil ar íocón an chloigín ag barr an scáileáin ar dheis, tar éis dó logáil isteach sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

Ar an leathanach sin féadfaidh an PCoCo/CoCo teacht ar na fógraí seo a leanas:

  • Admháil Fála Aighneachta (Submission Receipt) (cruthúnas ar chur isteach tairisceana)
  • Admháil Aistarraingthe (Withdrawal Receipt) (cruthúnas ar thairiscint a aistarraingt)

Sa chluaisín ‘Sainroghanna’ (Preferences) faoi ‘Bainistigh gach fógra’ (Manage all notifications) (ag bun liosta na bhfógraí) féadfaidh an PCoCo/CoCo minicíocht na bhfógraí ríomhphoist ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí a roghnú. Gan beann ar do rogha, bíonn fáil i gcónaí ar do chuid fógraí ar fad sa rannán Mo chuid fógraí (My notifications).

Mo chuid Fógraí Foirmiúla 

An rannán sin, atá ar fáil faoi Bainistigh mo spás féin (Manage my area) ar chlé, níl sé in úsáid faoi láthair le haghaidh nósanna imeachta soláthair.




  • No labels