(nósanna imeachta idirbheartaithe agus nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht gan foilsiú)
Baineann an tEolaí seo le babhta ar bith ina dhiaidh sin de na nósanna imeachta idirbheartaithe agus nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht gan foilsiú inar iarr an t-údarás conarthach ort tairiscint leasaithe a chur isteach trí eSubmission (tabhair do d’aire go bhféadfadh an t-údarás conarthach cinneadh a dhéanamh gan iarraidh ort do thairiscint a leasú nó gan iarraidh ort do thairiscint leasaithe a chur isteach lasmuigh de eSubmission). Na hEolaithe maidir le tairiscintí tosaigh a chur isteach sna nósanna imeachta idirbheartaithe, chomh maith leis na heolaithe le haghaidh na nósanna imeachta soláthair eile, is féidir breathnú orthu sin ar vicí Ríomhsholáthair na Tairsí Maoiniúcháin agus Tairiscintí.
I do cháil mar oibreoir eacnamaíoch, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:
Déan deimhin de go léann tú na Ceanglais Chórais.
Tá siad le fáil ar leathanach tosaigh fheidhmchlár eSubmission agus i rannán na gceangaltán ar leathanach na bPáirtithe.
Má tá cabhair de dhíth ort is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann tacaíochta ón 08:00 go dtí 20:00 (Am Lár na hEorpa/Am Samhraidh Lár na hEorpa).
ec-funding-tender-service-desk@ec.europa.eu
+32 (0) 229 71063
Is i mBéarla amháin a fheidhmíonn an fhoireann tacaíochta.
Má chinneann an t-údarás conarthach cuireadh a thabhairt duit tairiscint leasaithe a chur isteach, gheobhaidh tú fógra ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.
Is chucu seo a leanas a sheolfar an fógra:
Is féidir teacht ar na fógraí freisin sa spás ‘Mo chuid fógraí’ (My notifications)sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.
Chun tairiscint leasaithe a chur isteach le haghaidh babhta ina dhiaidh sin, ní mór don PCoCo/CoCo. a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh ar dtús:
Tar éis duit a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh, atreorófar thú go huathoibríoch chuig eSubmission, áit ar féidir tús a chur le tairiscint a chur isteach trí chliceáil ar ‘Aighneacht nua’ (New submission).
Dá mb’fhearr leat tús a chur le d’aighneacht níos déanaí:
In eSubmission cliceáil ar Aighneacht nua (New submission) chun aighneacht nua a thosú, nó ar Tosaigh arís ar dhréacht (Resume draft) chun filleadh ar dhréachtaighneacht a tosaíodh roimhe. Is féidir leat tosú arís ar do dhréacht ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí chomh maith (le haghaidh tuilleadh eolais féach an rannán Aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí san eolaí seo).
Nuair athosaíonn túd’aighneacht, beidh tomhsaire le feiceáil ag barr an scáileáin. Léiríonn an líne sin na céimeanna uile nach mór a dhéanamh sula gcuirfear do thairiscint isteach. Léireofar freisin cén chéim ar a bhfuil tú i láthair na huaire.
Tráth ar bith le linn an phróisis aighneachta, is féidir leat a fheiceáil cé na doiciméid a uaslódáladh trí chliceáil ar an gcnaipe Doiciméid na haighneachta ar an taobh clé den scáileán.
Sa chéim seo, ní féidir ach rannán an Teagmhálaí a chur in eagar.
Is féidir leis an úsáideoir a thosaíonn an tairiscint in eSubmission é/í féin, nó duine eile, a chur in iúl mar Theagmhálaí (tá an t-ainm réamhlíonta cheana féin). Mura bhfuil cuntas EU Login ag an duine eile sin, cruthófar cuntas sealadach EU Login go huathoibríoch, bunaithe ar sheoladh ríomhphoist an Teagmhálaí, agus seolfar cuireadh ríomhphoist chuig an duine sin chun an clárú EU Login a chur i gcrích. Teachtaireacht uathoibríoch córais a bheidh sa chuireadh, gan tagairt ar bith don nós imeachta.
Tugtar an ról PCoCo don Teagmhálaí sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí agus tugtar an ról CoCo don úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí).
Cliceáil Ar aghaidh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
Sa rannán sin ní mór duit suim do thairisceana a chur isteach (i gcás an chostais is ísle agus an mhodha dámhachtana praghsanna is ísle, agus sa chás sin amháin; trí úsáid a bhaint as an bhformáid chéanna mar atá sa sampla ar an scáileán) agus/nó deimhniú a dhéanamh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais atá sonraithe sna doiciméid soláthair.
Má dhearbhaíonn tú nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais, iarrfar ort míniú a thabhairt i mbosca téacs tiomnaithe. Léireofar i dtuarascáil na haighneachta an dearbhú ar chomhlíonadh nó ar neamhchomhlíonadh, agus ar an míniú i gcás neamhchomhlíonta.
Tar éis cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’ is féidir leat an tairiscint airgeadais a uaslódáil, agus an tairiscint theicniúil má éilíonn an t-údarás conarthach í. Is féidir leat níos mó ná comhad amháin a uaslódáil mar thairiscint theicniúil/airgeadais.
Nuair a mheasann tú na sonraí tairisceana a bheith ceart agus an aighneacht a bheith comhlánaithe, cliceáil ar ‘Ar Aghaidh’. Ní bheidh an cnaipe sin gníomhach ach amháin má bhíonn na sonraí agus na doiciméid éigeantacha go léir curtha ar fáil.
Is é an córas a ghineann an tuarascáil aighneachta agus is cuid den aighneacht í an tuarascáil. Liostaítear sa tuarascáil na doiciméid uile a bhí san áireamh san aighneacht.
Is é eSubmission a ghineann an tuarascáil aighneachta go huathoibríoch agus a chuireann le d’aighneacht í. Is féidir leat amharc ar an tuarascáil ar an scáileán nó í a íoslódáil do do thaifid féin (sula gcuirfidh tú an tairiscint isteach). Ní gá an tuarascáil shínithe a shíniú ná a uaslódáil in eSubmission.
Tar éis duit amharc ar an tuarascáil aighneachta, má mheasann tú an aighneacht a bheith iomlán agus réidh le cur isteach, cliceáil Ar Aghaidh chun leanúint ar aghaidh.
Agus tú réidh le do thairiscint a chur isteach, cliceáil Cuir isteach. Taispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin duit.
Cliceáil Tá más mian leat é a dheimhniú: ní bheidh tú in ann an aighneacht sin a mhodhnú a thuilleadh.
Tabhair do d’aire nach gceadóidh an córas duit í a chur isteach má baineadh amach an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach cheana.
Seolfar fógra ríomhphoist chuig an seoladh ríomhphoist atá nasctha le cuntas EU Login an Phríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) agus chuig na Teagmhálaithe Comhordúcháin uile (CoCo) a luaitear leis an tairiscint sin. Beidh nasc san fhógra ríomhphoist sin chuig an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí áit ar féidir teacht ar an Admháil Fála Aighneachta.
Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (Primary Coordinator Contact) (PCoCo) don Teagmhálaí a luaitear i dtairiscint leasaithe in eSubmission chun an tairiscint leasaithe a chur isteach sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí. Ní féidir ach Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin amháin a bheith ann in aghaidh gach aighneachta.
Tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (Coordinator Contact) (CoCo) don úsáideoir a chuireann isteach an tairiscint leasaithe (murab ionann é agus an Teagmhálaí).
Is féidir Teagmhálaí/Teagmhálaithe Comhordúcháin breise (Coordinator Contact(s)) (CoCo) a chur leis nó a bhaint de sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí tar éis don údarás conarthach na tairiscintí leasaithe a oscailt agus (más infheidhme) sula seolann sé na cuirí le haghaidh babhta idirbheartaíochta ina dhiaidh sin:
Chun CoCo a scriosadh (delete), cliceáil íocón an scriosta in aice lena (h)ainm.
Na CoConna a cuireadh leis mar a luaitear thuas tar éis don údarás conarthach cuireadh a sheoladh le haghaidh babhta idirbheartaíochta ina dhiaidh sin, ní bheidh siad in ann tairiscint a chur isteach sa bhabhta sin. Na PCoCo/CoConna a fuair an cuireadh, nó na CoConna a cuireadh leis tríd an gcnaipe gníomhaíochta ‘Bainistigh Róil’ ar an gcuireadh, is iadsan amháin a bheidh in ann tairiscint a chur isteach.
Is í an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí an pointe teagmhála aonair (an Limistéir Aonair um Shonraí Leictreonacha a Mhalartú) do rannpháirtithe agus do shaineolaithe i gcláir mhaoinithe agus i dtairiscintí arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
I do spás príobháideach ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:
Chun dul isteach i do spás príobháideach den Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí, ní mór don PCoCo/CoCo é/í féin a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as an gcnaipe Logáil Isteach ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí ag barr an leathanaigh baile ar dheis (cuir isteach do EU Login agus do phasfhocal).
Faoin rannán Bainistigh mo spás féin (Manage my area) ar chlé, gheobhaidh an Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) agus na Teagmhálaithe Comhordúcháin uile (CoCo) an cuireadh/na cuirí le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin faoin rannán Mo chuid Cuirí (My Invitation(s)). Tá réimse cuardaigh ann freisin ar dheis os cionn liosta na gcuirí.
I gcás gach cuiridh, is féidir leis an PCoCo/CoCo an méid seo a leanas a fheiceáil: uimhir thagartha an nóis imeachta, aitheantas na haighneachta, sprioc-am na haighneachta, dáta na gníomhaíochta is deireanaí a rinneadh agus stádas an chuiridh (faighte, dúnta), teideal an nóis imeachta, cineál an nóis imeachta agus an babhta.
Leis an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ (Action) is féidir leis an PCoCo/CoCo na gníomhaíochta seo a leanas a dhéanamh in aghaidh an chuiridh agus stádas na haighneachta.
I gcás cuirí a bhfuil stádas Faighte (Received) leo:
I gcás cuirí a bhfuil stádas Admhaithe (Acknowledged) leo:
Chun na haighneachtaí a ghabhann le cuireadh a fheiceáil agus a bhainistiú, cliceáil ar an nasc ‘Aighneachtaí’ (Submission(s)).
Leis an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ (Action) ar an taobh deas de gach aighneacht (murar scriosadh an aighneacht), is féidir leis an PCoCo/CoCo gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar an stádas.
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Dréacht’ (Draft) leo:
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Curtha isteach’ (Submitted) leo:
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Aistarraingthe’ (Withdrawn) leo:
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Scriosta’ (Deleted) leo:
Ní bhíonn an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ ar fáil i gcás na dtairiscintí a bhfuil an stádas ‘Scriosta’ (Deleted) leo. A luaithe a scriostar dréacht-thairiscint, ní féidir leis an tairgeoir í a aisghabháil.
Féadfaidh an PCoCo/CoCo rochtain a fháil ar an leathanach sin trí chliceáil ar íocón an chloigín ag barr an scáileáin ar dheis, tar éis dó logáil isteach sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.
Ar an leathanach sin féadfaidh an PCoCo/CoCo teacht ar na fógraí seo a leanas:
Sa chluaisín ‘Sainroghanna’ (Preferences) faoi ‘Bainistigh gach fógra’ (Manage all notifications) (ag bun liosta na bhfógraí) féadfaidh an PCoCo/CoCo minicíocht na bhfógraí ríomhphoist ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí a roghnú. Gan beann ar do rogha, bíonn fáil i gcónaí ar do chuid fógraí ar fad sa rannán Mo chuid fógraí (My notifications).
An rannán sin, atá ar fáil faoi Bainistigh mo spás féin (Manage my area) ar chlé, níl sé in úsáid faoi láthair le haghaidh nósanna imeachta soláthair.