Child pages
  • Two step procedures Step_2_GA

Versions Compared

Key

  • This line was added.
  • This line was removed.
  • Formatting was changed.

Eolaí le haghaidh nósanna imeachta soláthair dhá chéim – Céim 2

(nósanna imeachta srianta, nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht agus comórtais deartha)

Tugadh na treoracha gasta cothrom le dáta chun an próiseas nua maidir le nósanna imeachta foilsitheoireachta a bhfuil fógra conartha ag gabháil leo a chur san áireamh, próiseas a bhfuil feidhm aige maidir le gach nós imeachta nua a foilsíodh ón 25 Deireadh Fómhair 2023. Níl an leagan nuashonraithe seo ar fáil faoi láthair ná i mBéarla. Beidh aistriúcháin ar fáil go gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais go luath.

Tús a chur leis

Is leis an dara céim de na nósanna imeachta dhá chéim a bhaineann an tEolaí seo, agus léi sin amháin. Ag an gcéim seo is iad na hiarrthóirí dár tugadh cuireadh agus a ghnóthaigh na critéir eisiaimh agus roghnúcháin ag an gcéad chéim a fhéadfaidh tairiscint a chur isteach, agus iad sin amháin. Na hEolaithe maidir leis an dara céim de na nósanna imeachta dhá chéim, chomh maith leis na heolaithe le haghaidh na nósanna imeachta soláthair eile, is féidir breathnú orthu sin ar vicí Ríomhsholáthair na Tairsí Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

I do cháil mar oibreoir eacnamaíoch, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Do fhreagra ar nós imeachta a sheol institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh a ionchódú

  • Aighneachtaí a chur isteach ar bhealach slán

  • Féachaint ar dhréacht sábháilte nó tosú arís air

  • Dréacht-aighneacht a scriosadh

  • Cruthúnas a fháil gur cuireadh isteach é (Admháil Fála Aighneachta)(Submission Receipt)

  • Aighneacht a aistarraingt roimh an teorainn ama chun aighneachtaí a fháil

  • Cruthúnas ar aistarraingt a fháil (Admháil Aistarraingthe)(Withdrawal Receipt)

Déan deimhin de go léann tú na Ceanglais Chórais.

Tá siad le fáil ar leathanach tosaigh fheidhmchlár eSubmission agus i rannán na gceangaltán ar leathanach na bPáirtithe.

Cén dóigh ar féidir liom cabhair theicniúil a fháil?

Má tá cabhair de dhíth ort is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann tacaíochta ón 08:00 go dtí 20:00 (Am Lár na hEorpa/Am Samhraidh Lár na hEorpa).

 ec-funding-tender-service-desk@ec.europa.eu

+32 (0) 229 71063

(info) Is i mBéarla amháin a fheidhmíonn an fhoireann tacaíochta.

Conas do thairiscint a ullmhú in eSubmission 

Má d’éirigh le d’iarratas ar rannpháirtíocht sa chéad chéim den nós imeachta, gheobhaidh tú fógra ó TED eTendering ina n-iarrfar ort do rochtain ar na doiciméid soláthair a bhailíochtú agus tairiscint a chur isteach.

Seolfar an fógra chuig:

  • seoladh ríomhphoist an Teagmhálaí a sonraíodh agus an t-iarratas ar rannpháirtíocht á chur isteach (an Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo));
  • an seoladh ríomhphoist (más éagsúil) atá nasctha leis an gcuntas EU Login a úsáideadh chun an t-iarratas ar rannpháirtíocht a chur isteach (Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo));
  • seoladh ríomhphoist aon Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) eile a cuireadh leis trí úsáid a bhaint as an gcnaipe gníomhaíochta ‘Bainistigh róil’ agus an t-iarratas ar rannpháirtíocht á chur isteach.

Is féidir teacht ar na fógraí freisin tríd an rannán TED eTendering ‘Mo theachtaireachtaí’.

Chun do rochtain ar na doiciméid soláthair a bhailíochtú, ní mór do PCoCo/CoCo cliceáil ar an nasc san fhógra. Treoróidh an nasc thú chuig leathanach an ghlao ar thairiscintí ar TED eTendering, áit a bhfeicfidh tú an cnaipe Cuir isteach tairiscint. Tabharfaidh an cnaipe seo thú chuig an rannán ‘Mo chuid Cuirí’ ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

Chun gur féidir tairiscint a chur isteach, ní mór do PCoCo/CoCo a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh chun tairisceana ar dtús:

  • Aimsigh an nós imeachta in ‘Mo chuid Cuirí’ ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.
  • Sa roghchlár ‘Gníomhaíocht’ den nós imeachta, cliceáil ar ‘Cur in iúl go bhfuarthas cuireadh’ chun a dheimhniú go bhfuair tú an cuireadh. Cuirfear stádas ‘Admhaithe’ leis an gcuireadh.

Tar éis dó a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh, déanfar an PCoCo/CoCo a atreorú go huathoibríoch chuig eSubmission, áit ar féidir tús a chur le tairiscint a chur isteach trí chliceáil ar ‘Aighneacht nua’. 

Dá mb’fhearr leat tús a chur le d’aighneacht níos déanaí:

  • Logáil isteach sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintíle cuntas EU Login an duine atá luaite mar Theagmhálaí (PCoCo) san iarratas ar rannpháirtíocht, nó, más éagsúil, i gcuntas EU Login an duine a úsáideadh chun an t-iarratas ar rannpháirtíocht a chur isteach (CoCo) aon CoCo eile a údaraíodh trí fheidhm ‘Bainistigh Róil’ na Tairsí Maoiniúcháin agus Tairiscintí (chun níos mó eolais a fháil féach an rannán Fógraí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí san Eolaí seo).
  • Gabh chuig ‘Mo chuid Cuirí’ agus aimsigh an nós imeachta.
  • Ón roghchlár ‘Gníomhaíocht’ den nós imeachta, cliceáil ar Tosaigh aighneacht nua. Atreorófar tú ansin chuig eSubmission.

In eSubmission cliceáil ar Aighneacht nua chun aighneacht nua a thosú, nó ar Tosaigh arís ar dhréacht chun filleadh ar dhréachtaighneacht a tosaíodh roimhe. Is féidir leat tosú arís ar do dhréacht ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí chomh maith (le haghaidh tuilleadh eolais féach an rannán Aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí san eolaí seo).

Nascleanúint a dhéanamh in eSubmission

Nuair a thosóidh tú d’aighneacht, beidh tomhsaire le feiceáil ag barr an scáileáin. Léiríonn an líne sin na céimeanna uile nach mór a dhéanamh sula gcuirfear do thairiscint isteach. Léireofar freisin cén chéim ar a bhfuil tú i láthair na huaire.

Tráth ar bith le linn an phróisis aighneachta, is féidir leat a fheiceáil cé na doiciméid a uaslódáladh trí chliceáil ar angcnaipe Doiciméid na haighneachta ar an taobh clé den scáileán.

(warning) Ní chuirfear aon ní isteach chuig an údarás conarthach go dtí go gcliceálfaidh tú an cnaipe Cuir isteach ag deireadh an phróisis aighneachta.

Páirtithe

Sa chéim seo, ní féidir ach rannán an Teagmhálaí a chur in eagar.

Is féidir leis an úsáideoir a thosaíonn an tairiscint é/í féin, nó duine eile, a chur in iúl mar Theagmhálaí (tá an t-ainm réamhlíonta cheana féin). Mura bhfuil cuntas EU Login ag an duine eile sin, cruthófar cuntas sealadach EU Login go huathoibríoch, bunaithe ar sheoladh ríomhphoist an Teagmhálaí, agus seolfar cuireadh ríomhphoist chuig an duine sin chun an clárú EU Login a chur i gcrích. Teachtaireacht uathoibríoch córais a bheidh sa chuireadh, gan tagairt ar bith don nós imeachta.

Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) don Teagmhálaí sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí, agus tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) don úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach (más rud é nach ionann é agus an Teagmhálaí)

Cliceáil Ar aghaidh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.


Sonraí tairisceana

Sa rannán sin ní mór duit suim do thairisceana a chur isteach (i gcás an chostais is ísle agus an mhodha dámhachtana praghsanna is ísle, agus sa chás sin amháin – déan cinnte de go n-úsáideann tú an fhormáid chéanna agus atá sa sampla ar an scáileán) agus/nó a dheimhniú cé acu a chomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais atá sonraithe sna doiciméid soláthair nó nach gcomhlíonann.

Image Modified

Má dhearbhaíonn tú nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais, iarrfar ort míniú a thabhairt i mbosca téacs tiomnaithe. Léireofar i dtuarascáil na haighneachta an dearbhú ar chomhlíonadh nó ar neamhchomhlíonadh, agus ar an míniú i gcás neamhchomhlíonta.

Tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’ is féidir leat an tairiscint a uaslódáil, agus an tairiscint theicniúil a uaslódáil má éilíonn an t-údarás conarthach i sonraíocht na tairisceana í. Is féidir leat níos mó ná comhad amháin a uaslódáil mar thairiscint theicniúil/airgeadais. 

Nuair a mheasann tú na sonraí tairisceana a bheith ceart agus an aighneacht a bheith comhlánaithe, cliceáil ar ‘Ar Aghaidh’. Ní bheidh an cnaipe sin gníomhach ach amháin má bhíonn na sonraí agus na doiciméid éigeantacha go léir curtha ar fáil.

(warning) Ag an gcéim sin, níl do dhréacht-thairiscint, ná do chuid doiciméad uile, curtha isteach go fóill.


Tuarascáil aighneachta

Is é an córas a ghineann an tuarascáil aighneachta agus is cuid den aighneacht í an tuarascáil. Liostaítear sa tuarascáil na doiciméid uile a bhí san áireamh san aighneacht.

Is é eSubmission a ghineann an tuarascáil aighneachta go huathoibríoch agus a chuireann le d’aighneacht í. Is féidir leat amharc ar an tuarascáil ar an scáileán nó í a íoslódáil do do thaifid féin (sula gcuirfidh tú an tairiscint isteach). Ní gá an tuarascáil shínithe a shíniú ná a uaslódáil in eSubmission.

Tar éis duit amharc ar an tuarascáil aighneachta, má mheasann tú an aighneacht a bheith iomlán agus réidh le cur isteach, cliceáil Ar Aghaidh chun leanúint ar aghaidh.

(warning) Ní cruthúnas aighneachta atá sa tuarascáil aighneachta. Níor chuir tú isteach go fóill í. Lean ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile agus cliceáil Cuir isteach chun an aighneacht a chur i gcrích.


Do thairiscint a chur isteach

Agus tú réidh le do thairiscint a chur isteach, cliceáil Cuir isteach. Taispeánfaidh an córas teachtaireacht deimhniúcháin duit.

Cliceáil más mian leat é a dheimhniú: ní bheidh tú in ann an aighneacht sin a mhodhnú a thuilleadh.

Tabhair do d’aire nach gceadóidh an córas duit í a chur isteach má baineadh amach an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach cheana.

Cuirfear fógra ríomhphoist chuig an seoladh ríomhphoist atá nasctha le cuntas EU LoginanPhríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) agus chuig na Teagmhálaithe Comhordúcháin uile (CoCo) a luaitear leis an tairiscint sin. Beidh nasc san fhógra ríomhphoist sin chuig an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí áit ar féidir teacht ar an Admháil Fála Aighneachta. 

(warning) Is cruthúnas atá san Admháil Fála Aighneachta gur comhlíonadh an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach.

Table of Contents
classV2

Anchor
Manage roles in Funding & Tenders portal
Manage roles in Funding & Tenders portal

Fógraí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí

Tugtar an ról Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin(PCoCo) don Teagmhálaí a luaitear leis an tairiscint in eSubmission chun an tairiscint a chur isteach sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí. Ní féidir ach Príomh-Theagmhálaí Comhordúcháin amháin a bheith ann in aghaidh gach aighneachta.

Tugtar an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) don úsáideoir a chuireann isteach an tairiscint (murab ionann é agus an Teagmhálaí).

Is féidir Teagmhálaí/Teagmhálaithe Comhordúcháin breise (CoCo) a chur leis nó a bhaint de sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí tar éis don údarás conarthach na cuirí a sheoladh le haghaidh céim 2:

  • Faoin roghchlár anuas ‘Gníomhaíocht’ ar an taobh deas den chuireadh, cliceáil ar an rogha‘Bainistigh Róil’.

  • Cliceáilan cnaipe ‘Cuir Róil in Eagar’.

  • Chun CoCo nua a chur leis, cliceáil an cnaipe ‘Cuir Róil leis’.

ChunCoCoascriosadh, cliceáil íocón an scriosta in aice lena (h)ainm.

  • Cuir isteach sonraí an duine atá le cur leis mar CoCo agus cliceáil an cnaipe  OK.


Anchor
Manage submissions in Funding & Tenders portal 
Manage submissions in Funding & Tenders portal 


Aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí

Is í an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí an pointe teagmhála aonair (an Limistéir Aonair um Shonraí Leictreonacha a Mhalartú) do rannpháirtithe agus do shaineolaithe i gcláir mhaoinithe agus i dtairiscintí arna mbainistiú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

I do spás príobháideach ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Amharc ar do chuid cuirí chun tairisceana
  • A chur in iúl go bhfuair tú cuireadh
  • Tús a chur le haighneacht nua mar fhreagra ar chuireadh
  • Dréacht-aighneachtaí (tairiscintí) a fheiceáil, a chur in eagar nó a scriosadh
  • Tairiscintí a cuireadh isteach a aistarraingt
  • Do chuid Admhálacha Fála Aighneachta/Admhálacha Aistarraingthe (cruthúnas ar thairiscint a chur isteach/aistarraingt) a rochtain(Submission/Withdrawal Receipt)
  • Róil a bhainistiú

Chun dul isteach i do spás príobháideach den Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí, ní mór duit tú féin a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as an gcnaipe Logáil Isteach ar an Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí ag barr an leathanaigh baile ar dheis (cuir isteach do EU Login agus do phasfhocal).

Amharc ar chuireadh/cuirí

Faoin rannán Bainistigh mo spás féin(Manage my area) ar chlé, gheobhaidh an PCoCo/CoCo an cuireadh/na cuirí le haghaidh céim 2 faoin rannán Mo chuid Cuirí (My Invitation(s)). Tá réimse cuardaigh ann freisin ar dheis os cionn liosta na gcuirí.

Anchor
My Invitation(s) section
My Invitation(s) section

An rannán ‘Mo chuid Cuirí’

I gcás gach cuiridh is féidir leis an PCoCo/CoCo an méid seo a leanas a fheiceáil: uimhir thagartha an nóis imeachta, stádas an chuiridh (faighte, admhaithe), an sprioc-am, an bhaisc (más infheidhme), teideal an nóis imeachta, cineál an nóis imeachta agus an chéim.

Leis an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ (Action) ar an taobh deas de gach aighneacht (murar scriosadh an aighneacht) is féidir leis an PCoCo/CoCo gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas an chuiridh agus ar stádas na haighneachta.

I gcás cuirí a bhfuil stádas Faighte (Received) leo:

  • Cur in iúl go bhfuarthas cuireadh (Acknowledge Receipt) : cliceáil anseo chun a dheimhniú go bhfuair tú an cuireadh tairiscint a chur isteach.
  • Róil a bhainistiú (Manage Roles):  beidh tú in ann an rochtain ar do chuirí a fheiceáil agus a bhainistiú (e.g. daoine a chur leis/a bhaint de, daoine a bheidh in ann na gníomhaíochtaí ar a bhfuil cur síos anseo istigh a dhéanamh maidir le do chuirí).

I gcás cuirí a bhfuil stádas Admhaithe (Acknowledged)leo:

  • Aighneacht nua a thosú (Start New Submission): cliceáilchun tairiscint nua a chur isteach.
  • Róil a bhainistiú (Manage Roles):  beidh tú in ann an rochtain ar do chuirí a fheiceáil agus a bhainistiú (e.g. daoine a chur leis/a bhaint de, daoine a bheidh in ann na gníomhaíochtaí ar a bhfuil cur síos anseo istigh a dhéanamh maidir le do chuirí).

Chun na haighneachtaí a ghabhann le cuireadh a fheiceáil agus a bhainistiú, cliceáil ar annasc ‘Aighneacht(aí)’. 
Leis an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ ar an taobh deas de gach aighneacht (murar scriosadh an aighneacht), is féidir leis an PCoCo/CoCogníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas na haighneachta.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Dréacht’(Draft) leo:

      • Cuir in eagar (Edit): osclaíonn eSubmission an scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Is féidir leat d’aighneacht a chur in eagar in eSubmission ansin.
      • Amharc (View):  osclaíonn eSubmissionan scáileán a bhí agat nuair a d’fhág tú an feidhmchlár. Ní féidir an aighneacht a chur in eagar toisc go bhfuil tú ag amharc uirthi i mód inléite amháin. 
      • Scrios (Delete) scriosfar an dréachtaighneacht ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Curtha isteach’(Submitted) leo:

      • Amharc ar an Admháil Fála (View Receipt): taispeánfar an admháil fála aighneachta.
      • Aistarraingt (Withdraw)(gné nach mbíonn ar fáil ach amháin roimh an sprioc-am le cur isteach):  an chúis leis an aighneacht a aistarraingt a chur in iúl agus í a dheimhniú trí chliceáil ar angcnaipe ‘Aistarraingt’. Agus aighneacht aistarraingthe agat, ní féidir leat amharc uirthi, í a chur in eagar, ná í a chur isteach arís.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Aistarraingthe’(Withdrawn) leo:

      • Amharc ar an Admháil Aistarraingthe (View Withdrawal Receipt): taispeánfar an admháil aistarraingthe.

I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Scriosta’ (Deleted) leo:

Ní bhíonn anroghchlár ‘Gníomhaíocht’ ar fáili gcás na dtairiscintí a bhfuil an stádas ‘Scriosta(Deleted) leo. A luaithe a scriostar dréacht-thairiscint, ní féidir leis an tairgeoir í a aisghabháil. 



Babhta/babhtaí ina dhiaidh sin le haghaidh nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht


(info)  Níl feidhm ag an rannán seo ach amháin maidir le nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht a bhfuil níos mó ná babhta caibidlíochta amháin i gceist i gcéim a dó.

Má chinneann an t-údarás conarthach cuireadh a thabhairt duit tairiscint leasaithe a chur isteach trí eSubmission, gheobhaidh anPCoCo/CoCo fógra ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

Chun tairiscint leasaithe a chur isteach, ní mórdon PCoCo/CoCo a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh. Tar éis dó a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh, déanfar an PCoCo/CoCo a atreorú go huathoibríoch chuig eSubmission, áit ar féidir tús a chur le tairiscint leasaithe a chur isteach trí chliceáil ar ‘Aighneacht nua’. Chun a fháil amach conas tairiscint leasaithe a chur isteach sa bhabhta/sna babhtaí ina dhiaidh sin, féach an tEolaí maidir le nósanna imeachta idirbheartaithe – Babhta 2 / babhta(í) ina dhiaidh sin


Fógraí a bhainistiú sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí

Mo chuid fógraí

Féadfaidh an PCoCo/CoCo rochtain a fháil ar an leathanach sin trí chliceáil ar íocón an chloigín ag barr an scáileáin ar dheis, tar éis dó logáil isteach sa Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí.

Ar an leathanach sin féadfaidhanPCoCo/CoCo teacht ar na fógraí seo a leanas:

  • Admháil Fála Aighneachta (cruthúnas ar chur isteach tairisceana)(Submission Receipt)
  • Admháil Aistarraingthe (cruthúnas ar thairiscint a aistarraingt)(Withdrawal Receipt)

Sa chluaisín ‘Sainroghanna’ (Preferences) faoi ‘Bainistigh gach fógra’ (Manage all notifications) (ag bun liosta na bhfógraí) féadfaidh an PCoCo/CoCo minicíocht na bhfógraí ríomhphoist ón Tairseach Maoiniúcháin agus Tairiscintí a roghnú. Gan beann ar do rogha, bíonn fáil i gcónaí ar do chuid fógraí ar fad sa rannán Mo chuid fógraí (My notifications).

Mo chuid Fógraí Foirmiúla

An rannán sin, atá ar fáil faoi Bainistigh mo spás féin ar chlé, níl sé in úsáid faoi láthair le haghaidh nósanna imeachta soláthair.