(nósanna imeachta idirbheartaithe agus nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht gan foilsiú)
Rinneadh athbhreithniú ar na treoracha tapa chun na gnéithe agus na feidhmiúlachtaí is déanaí a chur san áireamh sa sreabhadh oibre. Is i mBéarla amháin atá an leagan nuashonraithe seo ar fáil faoi láthair. Beidh aistriúcháin i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais ar fáil go luath.
Téigh go dtí an chéad bhabhta den nós imeachta chun treoir a fháil maidir le conas an tairiscint tosaigh a chur isteach.
Tá feidhm ag na treoirlínte seo maidir le haon bhabhta nó babhtaí ina dhiaidh sin de na nósanna imeachta idirbheartaithe agus de na nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht gan foilsiú inar iarr an t-údarás conarthach ort tairiscint leasaithe a chur isteach trí eSubmission (tabhair faoi deara go bhféadfaidh an t-údarás conarthach a chinneadh gan iarraidh ort do thairiscint a leasú nó a iarraidh go gcuirfear do thairiscint leasaithe isteach lasmuigh de eSubmission). Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thairiscintí tosaigh a chur isteach i nósanna imeachta idirbheartaithe, féach an rannán maidir leis an gcéad bhabhta de nósanna imeachta idirbheartaithe.
I do cháil mar oibreoir eacnamaíoch, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:
Déan deimhin de go léann tú na Ceanglais Chórais.
Tá siad le fáil ar leathanach tosaigh an fheidhmchláir eSubmission agus i rannán na gceangaltán ar leathanach na bPáirtithe.
Má tá cabhair de dhíth ort is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann tacaíochta ón 08:00 go dtí 20:00 (Am Lár na hEorpa/Am Samhraidh Lár na hEorpa).
ec-funding-tender-service-desk@ec.europa.eu
+32 (0) 229 71063
Is i mBéarla amháin a fheidhmíonn an fhoireann tacaíochta.
Cuirí agus aighneachtaí a bhainistiú sa Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’
Má chinneann an t-údarás conarthach cuireadh a thabhairt duit tairiscint leasaithe a chur isteach, gheobhaidh tú:
Seolfar fógra agus ríomhphost cuiridh chuig:
Is féidir teacht ar na fógraí tríd an spás My notifications ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.
Amharc ar chuireadh/cuirí
Sa ríomhphost cuiridh, gheobhaidh tú nasc a thabharfaidh chuig an rannán Mo Chuid Cuirí thú ar an tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ - ní mór duit síniú isteach le do EU Login. Mura bhfuil cuntas EU Login agat go fóill, cruthófar go huathoibríoch duit é ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’. Féach ar an míniú mionsonraithe anseo .
Ón roghchlár nascleanúna ar chlé gheobhaidh tú an cuireadh(na cuirí) faoin rannán Mo Chuid Cuirí . Tá réimse cuardaigh ann freisin ar dheis os cionn liosta na gcuirí.
Is éard a bheidh sa chuireadh chun tairiscint leasaithe a chur isteach le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin cuireadh ar leith faoin rannán ‘Mo Chuid Cuirí’. Ní bheidh sé ina chuid den chuireadh a chuirfear chuig an mbabhta tosaigh ná chuig babhta(í) ina dhiaidh sin (más ann dó(dóibh)) don nós imeachta. Beidh a shonraí agus a dhoiciméid féin (más ann dóibh) ag an gcuireadh sin chomh maith le nasc nua aighneachta faoi roghchlár ‘Gníomhaíocht’ an chuiridh. Níl doiciméid na gcuirí roimhe seo san áireamh sa chuireadh nua - is féidir féachaint orthu fós sna cuirí roimhe seo.
Beidh tú in ann sonraí agus doiciméid an chuiridh a fheiceáil sa rannán Mo Chuid Cuirí.
Cliceáil ar an nasc ‘ Féach sonraí ’ chun:
Má tá roinnt leaganacha de dhoiciméad ann, feicfidh tú an leagan is déanaí ar an scáileán. Chun amharc ar leagan níos sine, cliceáil ar an roghchlár anuas agus an leagan is mian leat a fheiceáil a roghnú. Is féidir leat féachaint freisin ar na haistriúcháin atá ar fáil (más ann dóibh).
Má chuireann an t-údarás conarthach an freagra ar fáil go príobháideach, beidh sé le feiceáil faoin rannán ‘Mo cheisteanna agus freagraí’. Má thugtar an freagra do gach iarrthóir a dtugtar cuireadh dóibh, beidh sé le feiceáil faoin rannán ‘Ceisteanna agus Freagraí’. Chun tuilleadh eolais a fháil féach Conas ceist a chruthú agus a chur isteach ar an tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ .
Ní féidir an aighneacht a dhéanamh ach amháin ón rannán ‘Mo Chuid Cuirí’. Ní féidir tairiscint/tairiscintí a chur isteach ó leathanach sonraí nós imeachta.
Maidir le gach cuireadh, is féidir leat uimhir thagartha an nós imeachta, stádas an chuiridh (faighte, admhaithe), an spriocdháta, an bhaisc (más infheidhme), teideal an nós imeachta, cineál an nós imeachta agus an chéim a fheiceáil.
Leis an roghchlár ‘Gníomhaíocht’ den chuireadh/ aighneacht, is féidir leat gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas an chuiridh/na haighneachta.
I gcás cuirí a bhfuil stádas Faighte leo:
I gcás cuirí a bhfuil stádas Admhaithe leo:
Má thosaigh tú ag ullmhú aighneachta nó má chuir tú aighneacht isteach cheana féin, feicfidh tú an nasc Aighneacht(Aighneachtaí).
Leis an roghchlár Gníomhaíocht ar an taobh deas de gach aighneacht is féidir leat gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh ag brath ar stádas na haighneachta.
I gcás aighneachtaí a bhfuil an stádas Dréacht leo:
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas Curtha isteach leo:
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Aistarraingthe’ leo:
I gcás aighneachtaí a bhfuil stádas ‘Scriosta’ leo:
Chun tairiscint leasaithe a chur isteach do bhabhta ina dhiaidh sin, ní mór do PCoCo/CoCo a chur in iúl ar dtús go bhfuarthas an cuireadh:
Tar éis duit a chur in iúl go bhfuarthas an cuireadh, déanfar tú a atreorú go huathoibríoch chuig eSubmission, áit ar féidir leat tús a chur le tairiscint a chur isteach trí chliceáil ar ‘Aighneacht nua’.
Dá mb’fhearr leat tús a chur le d’aighneacht níos déanaí:
Logáil isteach sa Tairseach 'Cistiú agus Tairiscintí’
Téigh chuig Mo Chuid Cuirí agus aimsigh an nós imeachta.
Ón roghchlár ‘Gníomhaíocht’ den nós imeachta, cliceáil ar Tosaigh Aighneacht Nua. Atreorófar tú ansin chuig eSubmission.
In eSubmission cliceáil ar Aighneacht nua chun aighneacht nua a thosú, nó ar Tosaigh arís ar dhréacht chun filleadh ar dhréacht-aighneacht a tosaíodh roimhe.
Nuair a thosóidh tú d’aighneacht, beidh tomhsaire le feiceáil ag barr an scáileáin. Léiríonn an líne sin na céimeanna uile nach mór a dhéanamh sula gcuirfear do thairiscint isteach. Léireofar freisin cén chéim ar a bhfuil tú i láthair na huaire.
Tráth ar bith le linn an phróisis aighneachta, is féidir leat a fheiceáil cé na doiciméid a uaslódáladh trí chliceáil ar an gcnaipe Doiciméid na haighneachta ar an taobh clé den scáileán.
Sa chéim seo, ní féidir ach rannán an Teagmhálaí a chur in eagar .
Is féidir leis an úsáideoir a thosaíonn an tairiscint in eSubmission é/í féin, nó duine eile, a chur in iúl mar Theagmhálaí (tá an t-ainm réamhlíonta cheana féin). Mura bhfuil cuntas EU Login ag an duine eile sin, cruthófar cuntas sealadach EU Login go huathoibríoch, bunaithe ar sheoladh ríomhphoist an Teagmhálaí, agus seolfar cuireadh ríomhphoist chuig an duine sin chun an clárúchán EU Login a chur i gcrích. Teachtaireacht uathoibríoch chórais a bheidh sa chuireadh, gan tagairt ar bith don nós imeachta.
Faigheann an Teagmhálaí an ról PCoCo ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, agus faigheann an t-úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach an ról CoCo (murab ionann é agus an Teagmhálaí).
Cliceáil Ar aghaidh chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
Sa rannán seo ní mór duit méid do thairisceana a chur isteach (i gcás an chostais is ísle agus mhodh dámhachtana an phraghais is ísle agus sa chás sin amháin ; trí úsáid a bhaint as an bhformáid chéanna atá sa sampla ar an scáileán) agus/nó a dheimhniú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais atá sonraithe sna doiciméid soláthair.
Má dhearbhaíonn tú nach gcomhlíonann do thairiscint na híoscheanglais, iarrfar ort míniú a thabhairt i mbosca téacs tiomnaithe. Léireofar i dtuarascáil na haighneachta an dearbhú ar chomhlíonadh nó ar neamhchomhlíonadh, agus ar an míniú i gcás neamhchomhlíonta.
Tar éis cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’ is féidir leat an tairiscint airgeadais a uaslódáil, agus an tairiscint theicniúil má éilíonn an t-údarás conarthach í in sonraíochtaí na tairisceana. Is féidir leat níos mó ná comhad amháin a uaslódáil mar thairiscint theicniúil/airgeadais.
Nuair a mheasann tú na sonraí tairisceana a bheith ceart agus an aighneacht a bheith comhlánaithe, cliceáil ar ‘Ar Aghaidh’. Ní bheidh an cnaipe sin gníomhach ach amháin má bhíonn na sonraí agus na doiciméid éigeantacha go léir curtha ar fáil.
Is é an córas a ghineann an tuarascáil aighneachta agus is cuid den aighneacht í an tuarascáil. Liostaítear sa tuarascáil na doiciméid uile a bhí san áireamh san aighneacht.
Is é eSubmission a ghineann an tuarascáil aighneachta go huathoibríoch agus a chuireann le d’aighneacht í. Is féidir leat amharc ar an tuarascáil ar an scáileán nó í a íoslódáil do do thaifid féin (sula gcuirfidh tú an tairiscint isteach). Ní gá an tuarascáil shínithe a shíniú ná a uaslódáil in eSubmission.
Tar éis duit amharc ar an tuarascáil aighneachta, má mheasann tú an aighneacht a bheith iomlán agus réidh le cur isteach, cliceáil Ar Aghaidh chun leanúint ar aghaidh.
Agus tú réidh le do thairiscint a chur isteach, cliceáil Cuir isteach . Taispeánfar teachtaireacht deimhniúcháin duit ar an gcóras.
Cliceáil Tá más mian leat é a dheimhniú: ní bheidh tú in ann an aighneacht sin a mhodhnú a thuilleadh.
Tabhair do d’aire nach gceadóidh an córas duit í a chur isteach má baineadh amach an teorainn ama chun aighneachtaí a chur isteach cheana.
Seolfar fógra ríomhphoist chuig an seoladh ríomhphoist atá nasctha le cuntas EU Login an Phríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin ( PCoCo ) agus chuig Teagmhálaí(Teagmhálaithe) Comhordúcháin ( CoCo ) uile a léirítear le haghaidh na tairisceana sin. Beidh nasc san fhógra ríomhphoist sin chuig an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, áit ar féidir teacht ar an Admháil Fála Aighneachta.
|
Tugtar ról an Phríomh-Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) le haghaidh an chuiridh don chuntas EU Login atá nasctha leis an seoladh ríomhphoist ar seoladh an cuireadh chuige .
Tríd an gcnaipe ‘Bainistigh Róil’ (féach thíos), is féidir le PCoCo daoine eile óna n-eagraíocht a chur leis an gcuireadh mar Theagmhálaí Comhordúcháin (Teagmhálaithe Comhordúcháin) (CoCo).
Faigheann an Teagmhálaí a luaitear sa tairiscint leasaithe in eSubmission an ról Príomh‑Theagmhálaí Comhordúcháin (PCoCo) le haghaidh na haighneachta agus an cuireadh le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin. Faigheann an t-úsáideoir a chuireann an tairiscint isteach (murab ionann é agus an Teagmhálaí san aighneacht) an ról Teagmhálaí Comhordúcháin (CoCo) le haghaidh na haighneachta agus an cuireadh le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin, mura rud é gur bhain PCoCo/CoCo eile an ról den aighneacht sa tréimhse idir oscailt na tairisceana ag an údarás conarthach agus fáil an chuiridh le haghaidh babhta(í) ina dhiaidh sin.
Is féidir le PCoCo nó CoConna na míre faoi seach (cuireadh nó aighneacht) na gníomhaíochtaí uile a bhfuil tuairisc orthu thuas a dhéanamh (féach rannán ‘ Mo Chuid Cuirí’). My Invitation(s) section Tabhair do d’aire nach féidir ach PCoCo amháin a bheith ann le haghaidh gach cuiridh nó aighneachta.
Chun róil a chur isteach/a bhaint d’aighneacht, lean na céimeanna thíos:
1. | Faoin roghchlár anuas ‘Gníomhaíocht’ ar an taobh deas d’aighneacht na tairisceana tosaigh, cliceáil ar an rogha Bainistigh Róil. |
2. | Cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil in Eagar. |
3. | Chun CoCo nua a chur isteach, cliceáil ar an gcnaipe Cuir Róil isteach. |
4. | Chun CoCo a scriosadh, cliceáil íocón an scriosta in aice lena ainm. |
Na CoConna a cuireadh isteach mar a dtugtar tuairisc orthu thuas tar éis don údarás conarthach cuireadh a sheoladh le haghaidh idirbheartaíochta ina diaidh sin, ní bheidh siad in ann tairiscint a chur isteach sa bhabhta sin. Na PCoCo/CoConna a fuair an cuireadh nó na CoConna a cuireadh isteach tríd an gcnaipe gníomhaíochta ‘Bainistigh Róil’ ar an gcuireadh, is iadsan amháin a bheidh in ann tairiscint a chur isteach.
Féadfaidh PCoCo/CoCo rochtain a fháil ar an leathanach sin trí chliceáil ar íocón an chloigín ag barr an scáileáin ar dheis, tar éis logáil isteach ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.
Ar an leathanach seo féadfaidh PCoCo/CoCo teacht ar na fógraí seo a leanas:
Sa chluaisín Sainroghanna faoi Bainistigh gach fógra (ag bun liosta na bhfógraí) féadfaidh PCoCo/CoCo minicíocht na bhfógraí ríomhphoist ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ a roghnú. Gan beann ar do rogha, bíonn fáil i gcónaí ar do chuid fógraí ar fad sa rannán Mo chuid fógraí .
An rannán sin atá sa roghchlár nascleanúna ar chlé, níl sé in úsáid faoi láthair le haghaidh nósanna imeachta soláthair.
Tá an treoir thapa maidir le nósanna imeachta idirbheartaithe agus nósanna imeachta soláthair eile le fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais le fáil sa rannán Treoracha tapa eSubmission.